Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v an Rómáin

(Cás T-109/22)

Teanga an cháis: an Rómáinis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: L. Nicolae, E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: An Rómáin

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú gur mhainnigh an Rómáin a hoibleagáidí faoi Airteagal 260(1) CFAE a chomhlíonadh de bharr gur mhainnigh sí na bearta uile is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte i gCás C 301/17, an Coimisiún v an Rómáin,1 a chomhlíonadh;

a ordú don Rómáin, i gcomhréir le forálacha Airteagal 260(2) CFAE, íocaíochtaí pionósacha EUR 29 781.30 a íoc as gach lá moille inar sháraigh sí a hoibleagáid i leith na bearta is gá a dhéanamh chun an breithiúnas i gCás C 301/17, an Coimisiún v an Rómáin, a chomhlíonadh, ó dháta fógartha an bhreithiúnais sa chás seo go dtí go nglacfar na bearta uile is gá chun an breithiúnas a chomhlíonadh i gcás C 301/17, an Coimisiún v an Rómáin;

a ordú don Rómáin, i gcomhréir le forálacha Airteagal 260(2) CFAE, cnapshuim a íoc, bunaithe ar mhéid laethúil EUR 3 311.50, arna iolrú faoi líon na laethanta atá caite ón lá tar éis lá fógartha an bhreithiúnais i gcás C 301/17, an Coimisiún v an Rómáin go dtí an dáta a ghlacfar na bearta uile is gá chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh, nó, i gcás nach mbeidh na bearta sin glactha, go dtí dáta fógartha bhreithiúnas na Cúirte sa chás seo, agus arb ionann íosmhéid na cnapshuime sin agus EUR 1 643 000.

a ordú don Rómáin na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Baineann an chaingean a thug an Coimisiún Eorpach i gcoinne na Rómáine le mainneachtain an Bhallstáit sin a oibleagáid na bearta uile is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte i gCás C 301/17 a chomhlíonadh, toisc nach bhfuil 44 de na 68 líonadh talún dá dtagraítear sa bhreithiúnas sin dúnta fós de réir Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún. 1

Maíonn an Coimisiún nach féidir leis an Rómáin brath ar staideanna inmheánacha amháin chun údar maith a thabhairt do mhainneachtain bhreithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh, amhail an gá atá ann staidéir féidearthachta áirithe a dhéanamh, nósanna imeachta ceannaigh éigeantaigh áirithe a chur i gcrích, imeachtaí riaracháin áirithe a sheoladh, nó mainneachtain na n-oibreoirí eacnamaíocha a oibríonn na líonta talún sin na bearta is gá a dhéanamh.

Dá bhrí sin molann an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha a chur i bhfeidhm ar an Rómáin le haghaidh gach lae moille ar chomhlíonadh bhreithiúnas na Cúirte i méid EUR 29 781.30 in aghaidh an lae ó dháta fógartha an bhreithiúnais sa chás seo go dtí go nglacfar na bearta go léir is gá chun an breithiúnas i gCás C-301/17 a chomhlíonadh. Chun a áirithiú go mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar an bhforbairt a bheidh déanta ag an Rómáin, agus an fhorbairt sin a fhíorú agus a chur san áireamh, molann an Coimisiún go ndéanfaí na híocaíochtaí pionósacha le haghaidh gach lae moille a ríomh ar bhonn tréimhsí moille 6 mhí agus na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte i gCás C 301/17 a chomhlíonadh, trí fhoirmle chéimlaghdaitheach a úsáid, trína laghdófar an t-iomlán le haghaidh na dtréimhsí sin de réir céatadán a fhreagraíonn don chomhréir arb ionann é agus líon na líonta talún arna dtabhairt chun comhréireachta le forálacha Threoir 1999/31.

Molann an Coimisiún freisin go mbeidh sé d’oibleagáid ar an Rómáin cnapshuim a íoc, bunaithe ar mhéid laethúil EUR 3 311.50, arna iolrú faoi líon na laethanta atá caite ón lá tar éis lá fógartha an bhreithiúnais i gCás C 301/17 go dtí an dáta a ghlacfaidh an Rómáin na bearta uile is gá chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh, nó, i gcás nach ndéanfar na bearta sin, go dtí dáta fógartha bhreithiúnas na Cúirte sa chás seo, agus arb ionann íosmhéid na cnapshuime sin agus EUR 1 643 000.

Cinneadh méid na n-íocaíochtaí pionósacha sin trí thromchúis agus fad an tsáraithe a chur san áireamh, chomh maith leis an ngá atá ann go n-áiritheofar éifeacht dhíspreagthach na bpionós bunaithe ar chumas an Bhallstáit sin íoc astu, ag baint úsáid as an bhfachtóir 'n'.

____________

1 Breithiúnas ón gCúirt an 18 Deireadh Fómhair 2018, an Coimisiún v an Rómáin (C-301/17, AE:C:2018:846).

1 OI 1999 L 182, lch. 1