Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 18 Eanáir 2022 – Prokurator Generalny

(Cás C-43/22)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Prokurator Generalny

Páirtithe eile sna himeachtaí: D.J., D[X]. J., Ł.J., S.J., Wojewódzkie Pogotowie Ratunkowe w K.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 5(1) go (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 47 agus 51(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú amhail go gcuirtear cosc leo ar rialacha náisiúnta faoinar féidir le hAire Dlí agus Cirt de Bhallstát, ar bonn critéir nár cuireadh ar fáil go poiblí, ar thaobh amháin, breitheamh a thabhairt ar iasacht chuig cúirt shibhialta níos airde le dlínse i leith ábhair a bhaineann le dlí an Aontais le haghaidh tréimhse sheasta nó éiginnte, agus, ar an taobh eile, deireadh a chur le hiasacht an bhreithimh sin tráth ar bith trí chinneadh gan ráiteas cúiseanna.

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist: an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 5(1) go (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 47 agus 51(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú go gciallaítear leo, maidir le cúirt náisiúnta a bhfuil faoina bráid achomharc i gcoinne cinneadh cúirte ina bhfuil breitheamh ar iasacht mar a mhínítear sa chéad cheist, an bhfuil an chúirt sin faoi cheangal, uaithi féin, imscrúdú a dhéanamh ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na cúirte sin, fiú mura bhfuil ábhar dhlí an Aontais i gceist?

Má thugtar freagra dearfach ar an dara ceist: an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 5(1) go (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 47 agus 51(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú go gceanglaítear leo go gcuirfidh cúirt de chuid Ballstáit cinneadh críochnaitheach cúirte a chur ar ceal gach uair a shuitear go raibh an breitheamh ar iasacht sin páirteach in imscrúdú an cháis, agus nach raibh an chúirt leis an mbreitheamh faoi thrácht neamhspleách ná neamhchlaonta trí leigheas dlí lena gcuirtear cinntí críochnaitheacha ar ceal, amhail achomharc urghnách, nó an dtagann cinneadh iarmhairtí an tsáraithe sin faoi fhéinriail nós imeachta an Bhallstáit?

____________