Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 8 Aibreán 2022 ag Scania AB, Scania CV AB, Scania Deutschland GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 2 Feabhra 2022 i gCás T-799/17, Scania agus Páirtithe Eile v An Coimisiún

(Cás C-251/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Scania AB, Scania CV AB, Scania Deutschland GmbH (ionadaí: D. Arts, advocaat, F. Miotto, avocate, N. De Backer, advocate, C.E. Schillemans, advocaat, C. Langenius, S. Falkner, L. Ulrichs, P. Hammarskiöld, advokater)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal, go hiomlán nó i bpáirt;

neamhniú iomlán nó páirteach a dhéanamh ar Chinneadh C(2017) 6467 final an 27 Meán Fómhair 2017 maidir le himeacht faoi Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39824 – Trucailí) agus/nó na fíneálacha lena mbaineann a chur ar ceal nó a laghdú;

nó, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais, agus

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais ag an gcéad céim agus costais an achomhairc seo a íoc.    

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hiarratasóirí na ceithre fhorais achomhairc seo a leanas:

Leis an gcéad fhoras achomhairc, maíonn na hiarratasóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, trí mhainneachtain a admháil gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 4(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, de réir mar a léirítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é, tríd an gCinneadh Réitigh1 a ghlacadh agus trí leanúint ar aghaidh leis an imscrúdú i gcoinne Scania ina dhiaidh sin, agus é ag brath ar an gcásfhoireann chéanna sa dá chás.

Leis an dara foras achomhairc, maíonn na hiarratasóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, trí raon feidhme geografach den iompar ar leibhéal na Gearmáine a thréithriú amhail is gur bhain sé le LEE ina iomlán, cé nár bhain sé ach leis an nGearmáin amháin.

Leis an triú foras achomhairc, maíonn na hiarratasóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, trí shraith na ngníomhaíochtaí ag na trí leibhéil éagsúla a thréithriú amhail is gur aon sárú amháin a bhí iontu.

Mar mhalairt rogha, leis an gceathrú foras achomhairc, maíonn na hiarratasóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, trí sheasamh le fíneáil a bhaineann le hiompar a bhfuil cosc ama air.

____________

1 Cinneadh ón gCoimisiún C(2016) 4673 final 19.07.2016 maidir le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39824 —Trucailí).