Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Polaroid IP v EUIPO – Klimeck (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog)
(Cás T-591/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear cearnóg i ndronuilleog – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Easpa saincháilíochta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 anois])
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Polaroid IP BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí:G. Vos, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Rapomi agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Thomas Klimeck (Kevelaer, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Meitheamh 2022 (Cás R 1646/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Polaroid IP BV na costais a íoc.
____________
1 IO C 441, 21.11.2022.