Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Nollaig 2023 ag an European Association of Non-Integrated Metal Importers & Distributors (Euranimi) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 4 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-598/21, Euranimi v An Coimisiún

(Cás C-772/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: European Association of Non-Integrated Metal Importers & Distributors (Euranimi) (ionadaithe: M. Campa, V. Villante, Avvocati, D. Rovetta, Avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chuir ar ceal;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 1 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach a chuir ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais an achomhairc seo agus costais an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear, ar an gcéad dul síos, earráid dlí le léiriú Airteagal 19(2)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2015/478 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí, go háirithe na riachtanais ‘mórdhíobháil’ agus ‘coigeartú’, agus ar an dara dul síos, cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise, agus ar an triú dul síos, mainneachtain cúiseanna a lua agus freagra a thabhairt ar roinnt argóintí ríthábhachtacha, agus fianaise mar thaca leo, arna n-ardú ag an achomharcóir.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú agus míléiriú ar an gcoincheap ‘leas an Aontais’ faoi Rialachán (AE) 2015/478, agus ar an dara dul síos, cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise, agus ar an triú dul síos, mainneachtain cúiseanna a lua agus freagra a thabhairt ar roinnt argóintí ríthábhachtacha, agus fianaise mar thaca leo, arna n-ardú ag an achomharcóir.

____________

1 IO 2021 L 225I, lch. 1.

1 IO 2015 L83, lch. 16.