Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) a taisceadh an 28 Meitheamh 2023 – Dimas v Ministerio Fiscal
(Cás C-402/23, Dimas)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audiencia Nacional
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Duine iarrtha: Dimas
Páirtí eile: Ministerio Fiscal
Na ceisteanna a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagail 18 agus 21(1) CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach mór feidhm a bheith ag an toirmeasc ar thabhairt suas náisiúnach, mar atá i gcomhaontú déthaobhach um eiseachadadh arna thabhairt i gcrích ag Ballstát an Aontais agus tríú Stát, ar mhaithe le náisiúnaigh Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh chomh maith, ar Ballstáit iad nach n-aontaíonn leis an eiseachadadh arna iarraidh ag an tríú Stát mar gheall ar a náisiúntacht i gcás ina bhfuil na náisiúnaigh i gcríoch an Bhallstáit iarrtha agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu?
I gcás ina ndiúltaíonn an Ballstát de chuid an Aontais, dar náisiúnach é an duine a iarrtar, ordú gabhála agus tabhairt suas a eisiúint chun cás ionchúisithe a thabhairt os comhair cúirte i dtaobh na bhfíoras a n-iarrtar an t-eiseachadadh ar a mbun, ós rud é nach n-eiseachadfaí é mar gheall ar a náisiúntacht i gcás ina ngabhfaí sa Stát sin é, an gcuirtear eiseachadadh arna iarraidh ag tríú Stát de cheangal ar an mBallstát iarrtha sin le cinneadh an Bhallstáit sin maidir lena náisiúnach, i gcás ina bhfuil an náisiúnach sin i gcríoch an Bhallstáit iarrtha agus a cheart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú aige?
____________