Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal judiciaire de Metz (an Fhrainc) a taisceadh an 30 Meitheamh 2023 – Caisse autonome de retraite des chirurgiens-dentistes et des sages-femmes (CARCDSF) v E... D...
(Cás C-401/23, CARCDSF)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal judiciaire de Metz
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Caisse autonome de retraite des chirurgiens-dentistes et des sages-femmes (CARCDSF)
Cosantóir: E... D...
An cheist a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagal 56 de CFAE, lena bhforáiltear don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, an gcaithfear é a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar an oibleagáid dul isteach agus i scéim slándála sóisialta poiblí agus íoc isteach inti, dá bhforáiltear le hAirteagal L 111-1 den Chód Slándála Sóisialta, arb í an scéim árachais seanaoise le CARSDF anseo, i bhfianaise chritéar na comhsheasmhachta agus chritéar na córasachta araon, a mhéid a shaothraítear leis an mbeart sriantach náisiúnta an cuspóir maidir le cothromaíocht airgeadais na scéime slándála sóisialta a choinneáil agus a ráthú, ach gan í a bhaint amach in am ar bith, agus trí bhainistíocht easnamh athfhillteach a eagrú?
____________