Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 30 Meitheamh 2023 – Luxone Srl, ag gníomhú thar a cheann féin agus i gcáil Gníomhaire do RTI, le bheith faoi chomhfhiontar le Iren Smart Solutions SpA v Consip SpA

(Cás C-403/23, Luxone)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Luxone Srl, ag gníomhú thar a cheann féin agus i gcáil Gníomhaire do RTI, le bheith faoi chomhfhiontar le Iren Smart Solutions SpA

Cosantóir: Consip SpA

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le Treoir 2004/18/CE,1 Airteagal 16 agus Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, prionsabail na comhréireachta, na hiomaíochta, na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagail 49, 50, 54 agus 56 CFAE ar rialacha náisiúnta (Airteagail 11(6), 37(8), (9), (10), (18) agus (19), agus Airteagal 38(1)(f) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 163/2006) lena n-eisiatar, i gcás ina dtéann tréimhse bhailíochta na tairisceana a bhí tíolactha ar dtús ag comhfhiontar sealadach a bhí le bunú in éag, leis an bhféidearthacht comhaltas bunaidh an RTI a laghdú nuair a chuirtear síneadh le tréimhse bailíochta na tairisceana sin? Go háirithe, an bhfuil na forálacha náisiúnta sin ag luí le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais i ndáil le saoirse maidir le tionscnamh eacnamaíoch agus le héifeachtacht, agus le hAirteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

An gcuirtear cosc le Treoir 2004/18/CE, Airteagail 16, 49, 50, agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 4 de Phrótacal 7 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), Airteagal 6 CAE, prionsabail na comhréireachta, na hiomaíochta, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagail 49, 50, 54 agus 56 CFAE, ar rialacha náisiúnta (Airteagail 38(1)(f), 48 agus 75 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 163/2006) lena ndéantar foráil maidir le pionós forghéillte an urrúis sealadaí a chur i bhfeidhm, mar iarmhairt uathoibríoch ar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó nós imeachta chun conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain, gan beann ar cibé acu ar bronnadh an conradh air nó nár bronnadh.

____________

1     Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO 2004 L 134, lch. 114).