Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Eanáir 2024 – Penta Systems v an Coimisiún

(Cás T-43/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Penta system Srl (Modugno, an Iodáil) (ionadaí: K. Duchoňová, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 27 Samhain 2023 ón gCoimisiún maidir le diúltú ar thairiscint an iarratasóra a chuir sé isteach i nós imeachta tairisceana JRC/IPR/2022/RP/1912 – Bainistíocht Dramhaíola Radaighníomhaí Oibríochtaí agus Cothabháil Áiseanna (RAMA) Seirbhisí agus cinneadh ón gCoimisiún Eorpach ar dhámachtain thairiscint JRC/IPR/2022/RP/1912 – Bainistíocht Dramhaíola Radaighníomhaí Oibríochtaí & Cothabháil Áiseanna (RAMA) Seirbhisí chuig [ainmneacha a fhágáil ar lár] a chur ar neamhní;

A ordú don chosantóir costais an iarratasóra a bhaineann leis an nós imeachta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur cinneadh treallach é agus go bhfuil easpa cúiseanna ag gabháil leis.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear diultú do rochtain ar fhaisnéis.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin.

____________