Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 19 Nollaig 2023 – ‘Tauritus’ UAB v Muitinės departamentas prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

(Cás C-782/23, Tauritus)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘Tauritus’ UAB

Cosantóir: Muitinės departamentas prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

Idiragraí: Kauno teritorinė muitinė

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfidh Airteagal 70 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa 1 agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm ag mír 1 de maidir le cás, mar atá sa chás seo, tráth a glacadh leis an dearbhú custaim agus ar bhonn an díolacháin a tharla díreach sular tugadh na hearraí isteach sa chríoch chustaim, nach eol ach an praghas is iníoctha go sealadach, atá ina dhiaidh sin (is é sin le rá, tar éis an dearbhú a thaisceadh agus na hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht) suas nó síos i bhfianaise imthosca nach bhfuil neart ag na páirtithe san idirbheart orthu agus nach raibh ar eolas tráth taiscthe an dearbhú?

An gcaithfidh Airteagal 173(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a léiriú sa chaoi nach bhfuil an dearbhóir faoi oibleagáid iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis chustaim ar choigeartú ar an luach custaim arna chinneadh agus arna dhearbhú i gcomhréir le hAirteagal 74 den Rialachán sin más rud é, mar atá sa chás seo, nach raibh an praghas iarbhír is iníoctha ar na hearraí, dá dtagraítear in Airteagal 70(1) den Rialachán sin, ar eolas agus nárbh fhéidir a bheith ar eolas tráth thaisceadh an dearbhaithe, tar éis na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht?

____________

1 IO 2013 L 269, lch. 1.