Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 14 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad - an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh CH

(Cás C-15/24 PPU 1 , Stachev 2 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2013/48/AE – Ceart chun rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla – Airteagal 3(6)(b) – Maolú sealadach ar an gceart chun rochtana ar dhlíodóir in imthosca eisceachtúla – Airteagal 9 – Tarscaoileadh ó láithreacht nó ó chúnamh dlíodóra – Coinníollacha – Airteagal 12(2) – Cearta na cosanta a urramú agus cothroime na n-imeachtaí – Inghlacthacht fianaise – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Tarscaoileadh i scríbhinn ó dhuine atá faoi amhras nach bhfuil léamh ná scríobh acu dá cheart chun rochtana ar dhlíodóir – Easpa míniúcháin ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ar an gceart sin a tharscaoileadh – Impleachtaí ar ghníomhartha imscrúdaithe ina dhiaidh sin – Cinneadh ar bheart srianta iomchuí – Measúnú ar an bhfianaise a bhailíodh de shárú ar an gceart chun dlíodóir a rochtain)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla

CH

idiragraí: Sofyiska rayonna prokuratura

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(6)(b) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013, maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

in éagmais trasuí na forála sin sa dhlíchóras náisiúnta, ní fhéadfadh le húdaráis phóilíneachta an Bhallstáit lena mbaineann brath ar an bhforáil sin maidir leis an duine atá faoi amhras nó atá cúisithe chun maolú ar chur i bhfeidhm an chirt rochtana ar dhlíodóir, dá bhforáiltear ar bhealach soiléir, beacht agus neamhchoinníollach leis an Treoir sin.

Maidir le hAirteagal 9(1) agus (2) de Threoir 2013/48

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir a mheas go gcomhlíonann dearbhú ar tharscaoileadh ar cheart chun rochtana ar dhlíodóir ó dhuine atá faoi amhras nach bhfuil léamh ná scríobh acu na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(1), i gcás nár cuireadh an duine atá faoi amhras ar an eolas, ar bhealach a thógann aird chuí ar a chás ar leith, faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag tarscaoileadh den sórt sin agus i gcás nár dhéana taifead ar an tarscaoileadh i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta, ar bhealach gur féidir comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú.

Maidir le hAirteagal 9(3) de Threoir 2013/48

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás tarscaoileadh ar cheart chun rochtana ar dhlíodóir ó dhuine leochaileach, de réir bhrí Airteagal 13 den Treoir sin, ní mór an duine sin a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht an tarscaoileadh sin a chúlghairm sula dtabharfar faoi aon ghníomh imscrúdaithe ina dhiaidh sin ar lena linn, i bhfianaise dhéine agus thábhacht an ghnímh imscrúdaithe sin, is dócha go ndéanfadh easpa dlíodóra dochar ar leith do leasanna agus do chearta an duine sin.

Maidir le hAirteagal 12(2) de Threoir 2013/48, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina mbaintear ó chúirt, a dhéanann rannpháirtíocht an chúisí i gcion coiriúil a scrúdú d’fhonn an beart srianta iomchuí a d’fhéadfaidís a fhorchur ar an gcúisí a chinneadh, an fhéidearthacht, agus cinneadh á ghlacadh maidir le coimeád an chúisí faoi choinneáil, measúnú a dhéanamh ar bailíodh fianaise de shárú ar cheanglais na Treorach sin agus, más iomchuí, fianaise den sórt sin a eisiamh.

____________

1 IO C 2016, 18.03.2024.

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.