Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Yadex International v EUIPO – Armada Gida (doyum)
(Cás T-209/23) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh doyum – Focalmharc náisiúnta níos luaithe Doyum – Forais choibhneasta le diúltú – Éagmais cosúlachta idir na hearraí – Éagmais riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/2001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Yadex International GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: P. Kohl, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Armada Gida Ticaret Sanayi AŞ (Akdeniz, an Tuirc)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Feabhra 2023 (Cás R 1436/2022-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear do Yadex International GmbH agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 216, 19.6.2023