Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Ergotopia v EUIPO (WellBack)
(Cás T-388/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh WellBack – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Ergotopia GmbH (Darmstadt, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Biesterfeld-Kuhn, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Bealtaine 2023 (Cás R 36/2023-1).
An chuid oibríochtúil
1. Díbhtear an chaingean.
2. Ordaítear do Ergotopia GmbH agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 296, 21.8.2023.