Language of document :

Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – Meta Platforms Ireland v An Coimisiún

(Cás T-55/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: A. Komninos, G. Forwood, I. Sarmas agus H. Gafsen, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

seasamh leis an gcéad saincheist dlí agus leis an dara saincheist dlí, agus a dearbhú nach bhfuil feidhm maidir leis an iarratasóir ag an dara abairt d’Airteagal 5(2) agus Airteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2023/1127 1 agus, mar sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 8176 final ón gCoimisiún Eorpach an 27 Samhain 2023 a chur ar neamhní lena socraítear an táille maoirseachta is infheidhme maidir le Facebook agus Instagram de réir Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; 2

seasamh leis an tríú saincheist dlí, leis an gceathrú saincheist dlí, leis an gcúigiú saincheist dlí agus leis an tséú saincheist dlí agus Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) Uimh. 8176 final ón gCoimisiún Eorpach an 27 Samhain 2023 a chur ar neamhní lena socraítear an táille maoirseachta is infheidhme maidir le Facebook agus Instagram de bhun Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

de bhun Airteagal 88 de na Rialacha Nós Imeachta, na bearta eagraithe a ordú a iarrtar leis an tríú saincheist dlí a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá é; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais agus caiteachas an iarratasóra a íoc i ndáil leis na himeachtaí seo.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gurbh olc an mhaise é an uasteorainn iomlán a ríomh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid faoi threoir bhrabúis domhanda Meta Platforms, Inc. ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 5(2) den Rialachán Táille Maoirseachta (‘RTM’), toisc go sáraítear leis an bhforáil sin Airteagal 43(4) agus (5) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (‘GSD’) agus Airteagal 290(1) CFAE agus nach mór a chinneadh gur neamh-infheidhme í de bhun Airteagal 277 CFAE.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an sásra arna leagan amach in Airteagal 5(4) de RTM de shárú ar Airteagal 43(5)(b) de GSD, Airteagal 290(1) CFAE, prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na córa comhionainne agus, mar sin, Airteagal 5(4) de RTM agus ní mór a dhearbhú gur neamh-infheidhme é de bhun Airteagal 277 CFAE.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go mbaintear den chinneadh atá faoi chonspóid le sárú ar cheart an iarratasóra chun éisteacht a fháil i ndáil le ríomh na ‘méideanna iarmharacha’, mar a thugtar orthu, agus le modheolaíocht meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla (‘MFGM’).

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go mbaintear den chinneadh atá faoi chonspóid le heaspa cúiseanna a lua i ndáil le modheolaíocht MFGM.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gurb earráideach an mhodheolaíocht atá sa chinneadh atá faoi chonspóid chun MFGM a ríomh agus go sáraítear léi Airteagal 290(1) agus 291(2) CFAE, Airteagail 33(3), 43(4) agus 87 de GSD, Airteagal 4(2) de RTM agus prionsabal na comhréireachta.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear gurb earráideach ríomh tháille maoirseachta an iarratasóra agus go sáraítear leis Airteagal 43(5)(b) agus (c) de GSD.

____________

1 Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1127 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis na táillí maoirseachta a ghearrann an Coimisiún ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne (IO 2023 L 149, lch. 16).

1 Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1).