Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2022 – Ríocht na Spáinne v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-224/22)

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: J. Rodriguez de le Rúa Puig, Gníomhaire)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

Na horduithe atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán (AE) 2022/1101 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, lena dtagraítear do bhunú (i) uasiarracht iascaireachta colmóra Eorpaigh (Merluccius merluccius) agus lannaigh riabhaigh (Mullus barbatus) incheadaithe do thrálaeir ar Mhuir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) arna leagan amach in Iarscríbhinn IIIc); agus (ii) uasteorainneacha gabhála an tséacla ghoirm agus dhearg (Aristeus antennatus) ar Mhuir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (i bhfolimistéir gheografacha 1-2-5-6-7) arna leagan amach in Iarscríbhinn IIIe), a chur ar neamhní.

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Forais agus príomhargóintí

An chéad fhoras:

Maidir le socrú uasiarracht iascaireachta colmóra Eorpaigh agus lannaigh riabhaigh incheadaithe do thrálaeir sna folimistéir geografacha (‘FLGanna’) 1-2-5-6-7:

ní thugtar na cúiseanna is bun leis i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán 2019/10221 sa mhéid is nár socraíodh cad í an chomhairle eolaíoch ar a mbunófaí gabhálacha suntasacha de ghrúpa stoc éisc áirithe;

mar mhalairt air sin: (i) tá sé i gcontrárthacht le hAirteagal 7(5) de Rialachán 2019/1022 sa mhéid is nár eascair gabhálacha suntasacha de ghrúpa stoc éisc áirithe as an gcomhairle eolaíoch arna himscrúdú ag Ríocht na Spáinne; agus (ii) tá sé díréireach, as a bheith míchuí go follasach chun cuspóir Rialacháin 2019/1022 a bhaint amach toisc nach n-urramaítear an riachtanas maidir le comhairle eolaíoch leis ná an fhorbairt chomhleanúnach de CBI ina ghné triarach comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta; agus níl gá leis de bharr bearta malartacha eile a bheith curtha i bhfeidhm chun an cuspóir sin a bhaint amach (séasúir choiscthe agus méadú ar roghnaíocht trealaimh trálaeireachta).

And dara foras:

Maidir le bunú na huasteorann gabhála sonraí don séacla gorm agus dearg in FLGanna 1-2-5-6-7:

ní thugtar na cúiseanna is bun leis i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) de Rialachán 2019/1022 sa mhéid is nár socraíodh cad í an chomhairle eolaíoch ar a mbunófaí an gá glacadh leis an mbeart caomhnaithe sin;

mar mhalairt air sin: (i) tá sé i gcontrárthacht le hAirteagal 7(3)(b) de Rialachán 2019/1022 sa mhéid is nach raibh agairt an bhirt sin beartaithe sa Rialachán thuasluaite agus nach n-eascraíonn gá leis an mbeart caomhnaithe sin a ghlacadh as an gcomhairle eolaíoch a scrúdaigh Ríocht na Spáinne: agus (ii) tá sé díréireach, as a bheith míchuí go follasach chun cuspóir Rialacháin 2019/1022 a bhaint amach toisc nach n-urramaítear an riachtanas maidir le comhairle eolaíoch leis agus go bhforluitear bearta eile caomhnaithe leis; agus níl gá leis de bharr bearta malartacha eile a bheith curtha i bhfeidhm chun an cuspóir sin a bhaint amach (séasúir choiscthe, íosmhéideanna gabhála agus méadú ar roghnaíocht trealaimh trálaeireachta).

____________

1 Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO 2022, L 21, lch. 165).

1 Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172 an 26.6.2019, lch. 1).