Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 8 Márta 2024 ag Crédit agricole SA agus Crédit agricole Corporate and Investment Bank i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) an 20 Nollaig 2023 i gCás T-113/17, Crédit agricole SA agus Crédit agricole Corporate and Investment Bank v An Coimisiún Eoprach

(Cás C-191/24 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Crédit agricole SA, Crédit agricole Corporate and Investment Bank (ionadaithe: J.-P. Tran Thiet, M. Powell, Y. Utzschneider, A. Martin, J.-J. Lemonnier, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

a chinneadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí rialú nár sháraigh an Coimisinéir um Iomaíocht a oibleagáid maidir le neamhchlaontacht shuibiachtúil, nár theip ar an gCoimisiún ina oibleagáid maidir le neamhchlaontacht shuibiachtúil agus go bhféadfaí deireadh a chur tríd an neamhchlaontacht oibiachtúil le hearráid na neamhchlaontachta suibiachtúla arna déanamh ag a Choimisinéir um Iomaíocht;

a chinneadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta saobhadh ar an bhfianaise a bhí aici maidir leis an bhfaisnéis a mhalartaigh na hachomharcóirí, mar a líomhnaítear, agus gur rialaigh sí in éigeart gur bhain an méid sin leis an gcur síos ar na srianta ar iomaíocht de réir cuspóra;

a chinneadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí trí chinneadh gurbh ann do phlean ginearálta chun aon chuspóir amháin a shaothrú;

a chinneadh, go príomha, gurbh in éigeart ar fheidhmigh an Chúirt Ghinearálta a dlínse neamhtheoranta; mar mhalairt air sin, gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta go hearráideach nár sháraigh an Coimisiún prionsabal na córa comhionainne agus méid luach dhíolachán na n-achomharcóirí á shocrú, rud lena socraítear méid an phionóis; mar mhalairt air sin arís, nár chuir an Chúirt Ghinearálta na himthosca uile ábhartha san áireamh chun rialú a thabhairt ar mhéid na fíneála;

dá bhrí sin, seasamh leis an achomharc seo agus an breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 20 Nollaig 2023, Crédit agricole agus Crédit agricole Corporate and Investment Bank v an Coimisiún (T-113/17) a chur ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus í chomhdhéanta ar bhealach difriúil, chun rialú a thabhairt ar an iarratas arna thaisceadh an 24 Bealtaine 2017 ag na hachomharcóirí i gCás T-113/17;

a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena n-achomharc, ardaíonn na hachomharcóirí ceithre shaincheist dlí.

Éilítear leis an gcéad saincheist dlí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, maidir leis an gcur síos ar ráitis an Choimisinéara um Iomaíocht agus maidir leis an léiriú ar an dualgas neamhchlaontachta.

Baineann an dara saincheist dlí le saobhadh a rinne an Chúirt Ghinearálta ar an malartú faisnéise an 13 Nollaig 2006 agus an 11 Eanáir 2007, ar dá réir a rinneadh cur síos earráideach ar an malartú sin mar shrian ar iomaíocht de réir cuspóra.

Éilítear leis an tríú saincheist dlí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí mar chuid dá hoibleagáid cúiseanna a lua maidir le plean ginearálta nó pleananna ginearálta agus aon chuspóir amháin maidir le sárú aonair leanúnach a bheith ann.

Éilítear leis an gceathrú saincheist dlí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí maidir le dleathacht agus comhréireacht na fíneála arna gearradh ar na hachomharcóirí. Ar dtús, áitíonn na hachomharcóirí, go príomha, gur thug an Chúirt Ghinearálta rialú ultra petita trína dlínse neamhtheoranta a fheidhmiú. Ansin maíonn siad, mar mhalairt air sin, gur mhalartaigh an Chúirt Ghinearálta an dualgas cruthúnais, gur sháraigh sí prionsabal na sáraíochta agus gur theip uirthi ina hoibleagáid cúiseanna a lua. Ag an deireadh ar fad, mar mhalairt air sin arís, áitíonn siad nár chuir an Chúirt Ghinearálta na himthosca uile ábhartha san áireamh chun rialú a thabhairt ar mhéid na fíneála.

____________