Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Escobar v EUIPO (Pablo Escobar)
(Cás T-255/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Pablo Escobar’ – Dearbhfhoras le diúltú – Trádmharc contrártha leis an ord poiblí agus an dea-mhoráltacht – Airteagal 7(1)(f) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Toimhde na neamhchiontachta)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Escobar Inc. (Guaynabo, Pórtó Ríce, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: D. Slopek, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’ Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Feabhra 2023 (cás R 1364/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 252, 17.7.2023.