Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) an 21 Meitheamh 2022 – DocLX Travel Events GmbH v Verein für Konsumenteninformation
(Cás C-414/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof (an Ostair)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir san achomharc ar phointe dlí: DocLX Travel Events GmbH
Cosantóir san achomharc ar phointe dlí: Verein für Konsumenteninformation
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 1 a léiriú sa chiall go bhfuil an taistealaí - beag beann ar an am a ndearbhaítear tarraingt siar ón gconradh - i dteideal tarraingt siar ón gconradh saor in aisce má tharla na himthosca eisceachtúla agus dosheachanta, a théann i bhfeidhm go mór ar an turas láneagraithe ar dháta tosaithe (beartaithe) an turais?
An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 a léiriú sa chiall go bhfuil an taistealaí i dteideal leas a bhaint as an gceart chun tarraingt siar ón gconradh saor in aisce más rud é, tráth an dáta a ndearbhaíonn sé tarraingt siar ón gconradh, go rabhthas ag súil le himthosca eisceachtúla agus dosheachanta?
____________
1 Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1).