Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Iúil 2023 - Fastned Deutschland GmbH & Go. KG, Tesla Germany GmbH v Die Autobahn GmbH des Bundes
(Cás C-452/23, Fastned Deutschland agus Tesla Germany)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí: Fastned Deutschland GmbH & Go. KG, Tesla Germany GmbH
Freagróir: Die Autobahn GmbH des Bundes
Páirtí leasmhar: Autobahn Tank & Rast GmbH et Ostdeutsche Autobahntankstellen GmbH
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24/AE 1 a léiriú sa chaoi go n-áirítear lena raon feidhme freisin conarthaí poiblí a bronnadh ar eintitis inmheánacha roimhe sin lasmuigh de raon feidhme Threoir 2014/24/AE ach nach bhfuil coinníollacha maidir le soláthar inmheánach infheidhme ina leith tráth athraithe an chonartha?
____________
1 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).