Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Najvyšší správny súd (Poblacht na Slóvaice) a taisceadh an 22 Márta 2023 – BONUL s.r.o. v Výbor národnej rady Slovenskej republiky na preskúmavanie rozhodnutí národného úradu

(Cás C-182/23, BONUL)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

An chúirt a rinne an tarchur

Najvyšší správny súd (Poblacht na Slóvaice)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BONUL s.r.o.

Cosantóir: Výbor Národnej rady Slovenskej republiky na preskúmavanie rozhodnutí Národného bezpečnostného úradu

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.     Maidir le hAirteagal 51(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an gcaithfear léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuireann Ballstát dlí an Aontais Eorpaigh chun feidhme sa chás ina ndéanann cúirt de chuid an Bhallstáit sin measúnú ar dhlíthiúlacht cinnidh ó choimisiún speisialta de chuid pharlaimint an Stáit sin lenar sheas an coimisiún sin, mar chomhlacht achomhairc, le cinneadh riaracháin ón údarás slándála náisiúnta lena ndéantar cúlghairm/tarraingt siar

–    ar an gcéad dul síos, ar imréiteach slándála tionsclaíche de dhuine dlítheanach lena dtugtar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta,

agus, ag an am céanna, agus de dhroim amháin gur cúlghaireadh an t-imréiteach sin,

–    ar imréiteach slándála saoráide arna eisiúint chuig an duine dlítheanach sin chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá rúnaicmithe mar “SECRET UE/EU SECRET” de réir bhrí Airteagal 11 de Chinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (2013/488/EU)1 agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis?

2.     Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

Maidir leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar cheart léiriú a dhéanamh amhail go gcoisctear reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta leo

faoina ndéanann cinneadh ó údarás slándála náisiúnta an t-imréiteach sin a chúlghairm/a tharraingt siar agus nach sceitheann an deimhniú ábhartha an fhaisnéis rúnaicmithe as ar eascair an t-údarás a mheas gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cúlghairm/tarraingt siar, ach nach ndéantar tagairt ann ach don doiciméad i gcomhaid an údaráis sin ina bhfuil an fhaisnéis rúnaicmithe,

nach bhfuil rochtain ag an duine dlítheanach lena mbaineann ar chomhad an údaráis slándála náisiúnta ná ar na doiciméid aonair ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe a thug ar an údarás sin bonn cirt a iarraidh maidir leis an imréiteach agus an deimhniú a chúlghairm/a tharraingt siar,

nach bhféadfaidh dlíodóir an duine dhlítheanaigh lena mbaineann rochtain a fháil ar an gcomhad sin agus ar na doiciméid sin ach amháin le toiliú cheann an údaráis slándála náisiúnta, agus b’fhéidir leis an gcomhlacht a chuir na doiciméid sin ar fáil don údarás slándála náisiúnta, trína bhfuil sé d’oibleagáid air, fiú tar éis dó rochtain den sórt sin a fháil, inneachar an chomhaid agus na doiciméid sin a choinneáil faoi rún,

faoina bhfuil rochtain iomlán ag an gcúirt a dhéanann measúnú ar dhlíthiúlacht an chinnidh dá dtagraítear i gCeist 1, áfach, ar na comhaid agus ar na doiciméid sin?

3.     Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2:

Maidir leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar cheart léiriú a dhéanamh sa chaoi go gceadaítear go díreach leo do (nó mar mhalairt ar sin go gcuirtear d’oibleagáid ar) chúirt a dhéanann measúnú ar dhlíthiúlacht cinnidh amhail an cinneadh dá dtagraítear i gCeist 1 gan na rialacha agus an cleachtas a bhfuil tuairisc orthu i gCeist 2 a chur i bhfeidhm agus rochtain a thabhairt don duine dlítheanach lena mbaineann nó dá dhlíodóir ar chomhad an údaráis náisiúnta slándála agus, b’fhéidir, ar dhoiciméid ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe, má mheasann an chúirt sin go bhfuil gá leis sin chun an ceart chun leigheas éifeachtach agus nós imeachta sáraíochta a ráthú?

4.     Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 3:

Maidir le hAirteagal 51(1) agus (2) den Chairt, ar cheart léiriú a dhéanamh sa chaoi is go gciallaíonn sé go mbaineann ceart na cúirte rochtain a thabhairt ar an gcomhad, agus b’fhéidir ar na doiciméid a bhfuil cur síos déanta orthu i gCeist 3,

—    leis na codanna sin den chomhad nó na doiciméid sin ina bhfuil faisnéis atá ábhartha maidir leis an measúnú ar imréiteach tionsclaíoch de réir bhrí Airteagal 11 de Chinneadh 2013/488/EU ón gComhairle agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin amháin,

—    leis na codanna sin den chomhad nó doiciméid ina bhfuil faisnéis nach bhfuil ábhartha ach amháin chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil thionsclaíoch faoin dlí náisiúnta chomh maith, is é sin le rá, thar na réamhriachtanais dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/488/EU ón gComhairle?

____________

1     2013/488/EU: Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe Aontais Eorpaigh a chosaint (IO 2013 L 274, lch. 1).