Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Sigmaringen (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Márta 2022 - A.A. v. Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-216/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Sigmaringen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A.A.

Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland

Na ceisteanna a tharchuirtear

1. a.    An bhfuil foráil náisiúnta ar dá réir nach bhfuil athiarratas inghlactha ach i gcás ina bhfuil an staid fhíorasach agus dhlíthiúil a bhí mar bhunús leis an gcinneadh diúltaithe bunaidh tar éis athrú i bhfabhar an iarratasóra ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) de Threoir 2013/32/AE? 1

b.    An gcuirtear, le hAirteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) de Threoir 2013/32, bac ar fhoráil náisiúnta ar dá réir nach gcaitear le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (sa chás seo, i dtarchur chun réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE) mar “eilimint nua” nó “imthoisc nua” nó “cinneadh nua” mura gcinntear neamhcomhréireacht idir an fhoráil náisiúnta agus dlí an Aontais leis an gcinneadh sin, ar cinneadh é atá teoranta do léirmhíniú ar dhlí an Aontais? Cad iad na coinníollacha, más iomchuí, nach mór a bheith ann chun breithiúnas de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach ndéantar ann ach léirmhíniú ar dhlí an Aontais, a chur san áireamh mar “eilimint nua” nó “imthoisc nua” nó “cinneadh nua”?

2.     Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1a agus 1b, an gcaithfear Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) de Threoir 2013/32 a léirmhíniú sa chaoi go gcaithfear breithiúnas de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina rialaítear go bhfuil toimhde láidir ann go bhfuil baint idir diúltú do sheirbhís mhíleata a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9(2)(e) de Threoir 2011/95/AE 1 agus ceann de na cúig fhoras in Airteagal 10 den Treoir sin a chur san áireamh mar “eilimint nua” nó “imthoisc nua” nó “cinneadh nua”?

3. a.    An gcaithfear Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an leigheas breithiúnach i leith cinneadh maidir le do-ghlacthacht arna dhéanamh ag an údarás cinntitheach de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(5) de Threoir 2013/32 teoranta do scrúdú i dtaobh an raibh an ceart ag an údarás cinntitheach gur comhlíonadh na coinníollacha chun a mheas go raibh an t-athiarratas ar thearmann do-ghlactha faoi Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (5) de Threoir 2013/32?

b.    Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 3a, an gcaithfear Airteagal  46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32 a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaíonn an leigheas breithiúnach i gcoinne cinneadh maidir le do-ghlacthacht scrúdú freisin i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha i leith cosaint idirnáisiúnta a dheonú de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2011/95 má chinneann an chúirt, tar éis di a scrúdú féin a dhéanamh, nach gcomhlíontar na coinníollacha chun an t-athiarratas ar thearmann a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha?

c.    Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 3b, an gcuirtear ceangal le cinneadh den sórt sin ón gcúirt go bhfuil na ráthaíochtaí speisialta nós imeachta faoin tríú habairt d’Airteagal 40(3) in éineacht leis na rialacha i gCaibidil II de Threoir 2013/32 tugtha don iarratasóir ar dtús? An féidir leis an gcúirt an nós imeachta sin a sheoladh í féin nó an gcaithfeadh sí – tar éis di, más gá, na himeachtaí dlí a chur ar fionraí – é a tharmligean chuig an údarás cinntitheach? An féidir leis an iarratasóir comhlíonadh na ráthaíochtaí nós imeachta sin a tharscaoileadh?

____________

1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

1 Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).