Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (An Ghearmáin) a taisceadh an 11 Márta 2022 – FI v Bayerische Motoren Werke AG

(Cás C-192/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FI

Cosantóir: Bayerische Motoren Werke AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 de Threoir 2003/88/CE1 nó le hAirteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar léirmhíniú ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 7(3)(b) den Bundesurlaubgesetz (An tAcht um Shaoire Chónaidhme), lena bhforáiltear go dtéann an ceart atá ag oibrí chun saoire bliantúla le pá le linn na céime de dhíolúine ón obair, ceart a fuarthas le linn na céime oibre de chaidreamh fostaíochta páirtaimseartha i gcomhthéacs dul ar scor de réir a chéile agus nach bhfuil feidhmithe fós, in éag ag deireadh na bliana tagartha don tsaoire nó ar dháta níos déanaí?

Má thugann an Chúirt freagra diúltach ar an gcéad cheist:

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 de Threoir 2003/88/CE nó le hAirteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar léirmhíniú ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 7(3) den Bundesurlaubgesetz (An tAcht um Shaoire Chónaidhme), lena bhforáiltear go dtéann an gceart chun saoire bliantúla le pá, nár feidhmíodh fós, atá ag oibrí a théann, le linn na bliana tagartha don tsaoire, ón gcéim oibre go dtí céim na díolúine ó chaidreamh fostaíochta páirtaimseartha faoi dhul ar scor de réir a chéile, in éag ag deireadh na bliana tagartha nó ar dháta níos déanaí, sa chás gur dheon an fostóir – gan a oibleagáidí comhair maidir le réadú an chirt saoire a bheith comhlíonta aige – don oibrí, i gcomhréir lena iarratas, an tsaoire bhliantúil iomlán ar feadh tréimhse díreach roimh thús chéim na díolúine ón obair, ach nach bhféadfaí an ceart chun saoire a fheidhmiú – go páirteach ar a laghad – mar gheall ar éagumas an oibrí chun oibre de bharr bhreoiteacht a tharla tar éis an tsaoire a dheonú?

____________

1     Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).