Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 30 Márta 2023 — AX
(Cás C-208/23 Martiesta1 )
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AX
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gá Airteagal 1(2) agus (3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB 1 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach a léiriú sa chiall nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach tabhairt suas ban torrach nó máithreacha a bhfuil leanaí mionaoiseacha acu atá ina gcónaí leo a dhiúltú nó a chur siar ar aon chuma?
I gcás freagra dearfach ar an gceist sin, an bhfuil Airteagal 1(2) agus (3), agus Airteagail 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ag luí le hAirteagail 3, 4, 7, 24 agus 35 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus na dtraidisiún bunreachtúil is coiteann do na Ballstáit, a mhéid is gá leo bean nó máthair atá ag iompar clainne a thabhairt suas trí naisc a scaradh le leanaí mionaoiseacha a chónaíonn léi gan “best interest of the child” a chur san áireamh?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).