Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – L’Oréal v EUIPO – Samar’t Pharma (BI blue pigment)

(Cás T-180/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid Aontais Eorpaigh ‘BI blue pigment’ –Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘Bi.cell’ – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)1(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: L’Oréal (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus S. Vandezande, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Samar’t Pharma, SL (Vilamalla, an Spáinn)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Eanáir 2023 (Cás R 1102/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do L’Oréal agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1     IO C 179, 22.5.2023.