Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2024 – Laura Food v EUIPO – Morghati Abderrahim (THE VERT DE CHINE 4011 ALJAMAL ALJAMAL 4011 B 552)

(Cás T-95/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Laura Food Srl (Rozzano, an Iodáil) (ionadaí: C. Bercial Arias, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Morghati Abderrahim, Ditta Individuale (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ‘THE VERT DE CHINE 4011 ALJAMAL ALJAMAL 4011 B 552’ - Iarratas ar chlárú Uimh. 16 365 959

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Nollaig 2023 i gCás R 909/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí, más ann dó, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________