Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 30 Samhain 2023 ag Capsugel Belgium i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCásanna Uamtha T-266/16, T-324/16, T-351/16, T-363/16, T-371/16 agus T-388/16, Capsugel Belgium agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-737/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Capsugel Belgium (ionadaithe: C. Borgers, B. Buytaert agus H. Vanhulle, advocaten, B. Meyring, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus Cinneadh (AE) 2016/1699 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2016 maidir leis an scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg 1 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar ceal; nó

ar bhonn réamhchúraim, sa chás go measann an Chúirt Bhreithiúnais nach féidir léi cinneadh a thabhairt ar neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid, an breithiúnas atá faoi chonspóid a chur ar ceal agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; agus in aon chás,

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-iarratasóir ceithre fhoras achomhairc.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trína léiriú éagsúil ar dhlí na Beilge a chur in ionad léiriú ar dhlí na Beilge ag údaráis agus cúirteanna inniúla na Beilge.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta na fíorais agus/nó an fhianaise a shaobhadh. Níor chuir an Chúirt Ghinearálta na tosca ábhartha uile san áireamh go treallach agus measúnú á dhéanamh aici an dlúthghné do rialacha cánach ioncaim chorparáideach na Beilge é díolúine ó iarmhéid an bhrabúis. Go háirithe, thug sí neamhaird ar chleachtais ábhartha na n-údarás agus cúirteanna inniúla gan cúis oibiachtúil nó bonn cirt a chur ar fáil.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí nuair a chinn sí gur léiríodh sa chinneadh atá faoi chonspóid go raibh buntáiste ann.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus go ndearna sí an fhianaise a shaobhadh agus measúnú á dhéanamh aici ar roghnaíocht a bhaineann leis an scéim díolúine ó iarmhéid an bhrabúis.

____________

1 IO 2016 L 260, lch. 61.