Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Rómáin) a taisceadh an 25 Deireadh Fómhair 2023 – Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Galați – Administrația Județeană a Finanțelor Publice Vrancea Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili v Greentech SA

(Cás C-640/23, Greentech)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casație și Justiție

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí agus cosantóirí ag an gcéad chéim: Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Galați – Administrația Județeană a Finanțelor Publice Vrancea Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili

Freagróir agus iarratasóir ag an gcéad chéim: Greentech SA

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le prionsabail na neodrachta, na deimhneachta dlíthiúla agus na cosanta d’ionchais dhlisteanacha, arna rialú ag forálacha Airteagail 2, 19 agus 168 de [Threoir 2006/112], 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 203 de, ar dhiúltú aitheantas a thabhairt don cheart chun CBL a íocadh i leith idirbheart díolacháin a asbhaint, arna athrangnú ina dhiaidh sin ag na húdaráis chánach mar aistriú gnóthais nach dtagann faoi raon feidhme CBL, i gcás ina bhfuil an CBL bailithe cheana féin ag buiséad an Stáit agus nach féidir é a aisíoc faoin reachtaíocht náisiúnta?

____________

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).