Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Skechers USA v EUIPO (GO HANDS FREE)
(Cás T-80/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘GO HANDS FREE’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 761 967
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2023 i gCás R 1664/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a thabhaigh an t-iarratasóir a íoc;
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhair le hAirteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar an gceart chun dea-riaracháin mar a leagtar sios in Airteagal 41(1) de Chairt um Cheart Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
____________