Caingean arna tabhairt an 19 Feabhra 2024 – VanKing Celkar Group v EUIPO - Accell Nederland (SPARTAN PARTS)
(Cás T-88/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: VanKing Celkar Group PSA (Niepołomice, an Pholainn) (ionadaí: A. Michalak, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Accell Nederland BV (Heerenveen, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh SPARTAN PARTS – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 568 813
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Nollaig 2023 i gCás R 893/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
cinneadh an Rannáin Freasúra a chur ar neamhní;
an cás a tharchur chuig EUIPO ionas gur féidir leo an cinneadh a athrú ar shubstaint an cháis agus an marc a chosaint arna n-éileamh;
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Rannáin Freasúra, an Bord Achomhairc agus an Chúirt a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 94(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 41(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comparáid idir na marcanna;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comparáid idir na hearraí agus an dóchúlacht mearbhaill.
____________