Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Sport-Point v EUIPO – Imperial (QUIET PLEASE)
(Cás T-99/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sport-Point Holding GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Schmitz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Imperial SpA (Funo di Argelato, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘QUIET PLEASE’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 320 939
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2023 i gCás R 1012/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú, ionas go ghlacfar iarratas ar trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh 18 320 939 le haghaidh clárú;
mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________