Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2024 – Administration of the State Border Guard Service of Ukraine v EUIPO (RUSSIAN WARSHIP, GO F**K YOURSELF)
(Cás T-82/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Administration of the State Border Guard Service of Ukraine (ionadaí: P. Holý, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifige Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh RUSSIAN WARSHIP, GO F**K YOURSELF – Iarratas ar chlarú Uimh. 18 672 791
An cinneadh atá faoi chonspóid: cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Nollaig 2023 i gCás R 438/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus an dea-riaracháin;
sarú ar Airteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________