Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – Bimbo v EUIPO – A3-MED (BimboDorm)

(Cás T-1161/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Bimbo, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: A3-MED Srl (Zola Predosa, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BimboDorm’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 548 097

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Meán Fómhair 2023 i gCás R 366/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí iomlán chostais an cháis os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhoird.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________