Language of document : ECLI:EU:C:2024:202

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

5 Márta 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar i bhforfheidhmiú an dlí – Rialachán (AE) 2016/794 – Airteagal 49(3) agus Airteagal 50 – Cosaint sonraí pearsanta – Sonraí a phróiseáil go neamhdhleathach – Imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh sa tSlóvaic i gcoinne an achomharcóra – Tuarascáil an tsaineolaí arna tarraingt suas ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chun críocha an imscrúdaithe – Aisghabháil sonraí ó fhóin phóca agus gléas USB ar leis an achomharcóir iad – Sonraí a nochtadh – Damáiste neamhábhartha – Caingean le haghaidh damáistí – Cineál an dliteanais neamhchonarthaigh)

I gCás C‑755/21 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arna thabhairt an 8 Nollaig 2021,

Marián Kočner, a bhfuil cónaí air sa Bhratasláiv (an tSlóvaic), dá ndéanann M. Mandzák agus M. Para, advokáti, ionadaíocht,

achomharcóir,

páirtí eile sna himeachtaí:

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), dá ndéanann A. Nunzi, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó M. Kottmann agus G. Ziegenhorn, Rechtsanwälte, ionadaíocht,

cosantóir ag an gcéad chéim,

le tacaíocht ó:

Poblacht na Slóvaice, dá ndéanann S. Ondrášiková ionadaíocht ar dtús, dá ndéanann E. V. Drugda agus S. Ondrášiková ionadaíocht ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

idiragraí san achomharc,

Ríocht na Spáinne,

idiragraí ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus i comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan, F. Biltgen, N. Piçarra agus O. Spineanu-Matei (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomraí, S. Rodin, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, N. Wahl, I. Ziemele, J. Passer agus D. Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Meitheamh 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Lena achomharc, iarrann Marián Kočner go gcuirfí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 29 Meán Fómhair 2021, Kočner v Europol(T‑528/20, ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’, EU:T:2021:631) ar ceal, inar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an t‑iarratas faoi Airteagal 268 CFAE maidir le cúiteamh a fháil i leith an damáiste a bhain dó mar gheall ar nochtadh sonraí pearsanta ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus toisc gur chuir Europol a ainm ar ‘liostaí maifia.’

 An dlí lena mbaineann

2        Foráiltear le haithrisí 23, 45, 56, 57 agus 65 de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 135, lch. 53), don mhéid seo a leanas:

‘(23)      Chun críocha an choireacht a chosc agus a chomhrac, rud a thagann faoi raon feidhme a chuspóirí, tá sé riachtanach go mbeadh an fhaisnéis is iomláine agus is deireanaí is féidir ag Europol. Mar sin, ba cheart do Europol bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí a dhéanann na Ballstáit [...].

(45)      Chun slándáil sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart do Europol agus do na Ballstáit na bearta teicniúla agus eagrúcháin riachtanacha a chur chun feidhme.

(56)      Ba cheart do Europol bheith faoi réir na rialacha ginearálta ar dhliteanas conarthach agus neamhchonarthach is infheidhme maidir le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, cé is moite de na rialacha ar dhliteanas as próiseáil neamhdhleathach sonraí.

(57)      D’fhéadfadh nach mbeadh sé soiléir don duine atá i gceist cibé acu ar tharla nó nár tharla an damáiste a d’fhulaing sé nó sí mar gheall ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí de thoradh beart a rinne Europol nó Ballstát. Ba cheart do Europol agus don Bhallstát inar tharla an t‑imeacht as ar eascair an damáiste bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach, dá bhrí sin.

(65)      Próiseálann Europol sonraí a bhfuil cosaint faoi leith ag teastáil uathu toisc go gcuimsíonn siad faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe an Aontais. Ba cheart do Europol, dá bhrí sin, rialacha maidir le rúndacht agus próiseáil faisnéise den sórt sin a tharraingt suas. Ba cheart do na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint bheith i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle [an 23 Meán Fómhair 2013, maidir le rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO 2013 L 274, lch. 1)].’

3        Foráiltear le hAirteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’ mar seo a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo:

[...]

(h)      ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis maidir le hábhar sonraí;

(i)      ciallaíonn “ábhar sonraí” duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta; is é is duine in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó do cheann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;

(k)       ciallaíonn “próiseáil”, aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú.’

4        Foráiltear le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Cuspóirí’, an méid seo a leanas:

‘Tacóidh agus treiseoidh Europol le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, a chosc agus a chomhrac [...].’

5        Foráiltear le hAirteagal 17(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Foinsí faisnéise’ an méid seo a leanas:

‘Ní dhéanfaidh Europol próiseáil ach amháin ar fhaisnéis arna cur ar fáil dó:

(a) ag na Ballstáit i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7[...].’

6        Foráiltear le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2016/794, arb Airteagal é dar teideal ‘Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise’ an méid seo a leanas:

‘A mhéid is gá chun a chuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaint amach, féadfaidh Europol faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil.’

7        Foráiltear le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin, arb Airteagal é dar teideal ‘Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí’ an méid seo a leanas:

‘Maidir le sonraí pearsanta:

(a)      déanfar próiseáil chóir agus dhleathach orthu;

(b)      baileofar iad le haghaidh cuspóirí sonraithe, soiléire agus dlisteanacha agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach a bheidh comhoiriúnach leis na cuspóirí sin. […]

[...]

(f)      déanfar iad a phróiseáil sa chaoi go n‑áiritheofar slándáil iomchuí na sonraí pearsanta.’

8        Foráiltear le hAirteagal 32(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Slándáil na próiseála’ don mhéid seo a leanas:

‘Cuirfidh Europol bearta iomchuí teicniúla agus eagrúcháin i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ó dhíothú de thaisme nó neamhdhleathach, ó chaillteanas de thaisme nó ó nochtadh neamhúdaraithe, ó athrú neamhúdaraithe agus ó rochtain neamhúdaraithe nó ó aon chineál eile próiseála neamhúdaraithe.’

9        Foráiltear le hAirteagal 38(4), (5) agus (7) den Rialachán sin, dar teideal ‘Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí’, mar seo a leanas:

‘[…]

4.       Beidh Europol freagrach as na prionsabail mar atá sonraithe i bpointe (a), (b), (c), (e) agus (f) d’Airteagal 28(1) a chomhlíonadh.

5.      Seo a leanas na dreamanna a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe sonraí:

(a)      an Ballstát a sholáthair na sonraí pearsanta do Europol;

(b)      Europol i gcás arb é Europol a sholáthair na sonraí pearsanta do na Ballstáit, do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta […]

[...]

7.      Is é Europol a bheidh freagrach as na hoibríochtaí próiseála sonraí uile arna gcur i gcrích aige [...].’

10      Foráiltear le hAirteagal 49(3) de Rialachán Europol, dar teideal ‘Forálacha ginearálta ar dhliteanas agus an ceart chun cúitimh,’ mar seo a leanas:

‘Gan dochar d’Airteagal 49, i gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Europol, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a bhaill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.’

11      Foráiltear le hAirteagal 50 den Rialachán sin, dar teideal ‘Dliteanas i leith sonraí pearsanta a phróiseáil go mícheart agus an ceart chun cúitimh’ mar seo a leanas:

‘1.      Beidh sé de cheart ag aon duine aonair a bhfuil damáiste arna bhaint dó nó di de thoradh oibríocht próiseála neamhdhleathach sonraí cúiteamh a fháil i leith an damáiste arna bhaint dó nó di ó Europol i gcomhréir le hAirteagal 340 CFAE nó ón mBallstát inar tharla an teagmhas ba shiocair don damáiste, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Déanfaidh an duine aonair caingean a thionscnamh in aghaidh Europol os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nó in aghaidh an Bhallstáit os comhair chúirt inniúil an Bhallstáit sin.

2.      Déanfar aon díospóid idir Europol agus Ballstát maidir le cúiteamh arna íoc nó maidir le méid na haisíocaíochta a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta a shocróidh an ní trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.’

 Cúlra na díospóide

12      Chun críocha na n‑imeachtaí seo a leanas, féadfar achoimre a dhéanamh ar chúlra na díospóide, mar a leagtar amach i míreanna 1 go 16 den bhreithiúnas faoi achomharc é, mar seo a leanas.

13      Le linn imscrúdú a rinne údaráis choiriúla na Slóvaice tar éis dúnmharú sa tSlóvaic i mí Feabhra 2018, iriseora agus a fiancé, thug Europol tacaíocht, arna iarraidh sin ag an Národná kriminálna agentúra (an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Choireacht, an tSlóvaic; ‘NAKA’), do na húdaráis sin trí na sonraí a stóráiltear a bhaint, ar an gcéad dul síos, as dhá fhón póca a líomhnaítear gur leis an achomharcóir iad (‘na fóin phóca atá i gceist’) agus a thug NAKA dó an 10 Deireadh Fómhair 2018, agus, ar an dara dul síos, ar ghléas stórála USB.

14      An 21 Meitheamh 2019, chuir Europol na tuarascálacha eolaíocha deiridh maidir leis na hoibríochtaí a rinneadh ar na fóin phóca a bhí i gceist ar aghaidh chuig NAKA.

15      De réir Europol, sular cuireadh na tuarascálacha sin ar aghaidh, bhí tiomántán crua seachadta ag Europol chuig NAKA an 23 Deireadh Fómhair 2018 ina raibh na sonraí criptithe a fuarthas as, go háirithe, trí na fóin phóca atá i gceist a chur ar ais chuig NAKA an 13 Feabhra 2019.

16      Mar fhianaise gur cuireadh ar ais iad, chuir Europol cóip ar fáil de thaifead ar cheann litreach oifigiúil NAKA, dar dáta an 23 Deireadh Fómhair 2018, ar a bhfuil an tagairt PPZ-203/NKA-PZ-ZA-2018 agus a shínigh ceann na foirne imscrúdaithe, A, agus cóip d’fhoirm admhála/seachadta fianaise, dar dáta an 13 Feabhra 2019, ar a bhfuil an tagairt chéanna, ina liostaítear, go háirithe, na fóin phóca atá faoi cheist agus arna síniú ag an duine a sheachadann iad agus ag seolaí na fianaise araon.

17      Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht sa taifead oifigiúil sin an 23 Deireadh Fómhair 2018:

‘Inniu, an 23 Deireadh Fómhair 2018, ag 1.30, seachadadh diosca dubh seachtrach HDD ina raibh torthaí sealadacha imscrúdú Europol, a aisghabhadh le Cinneadh[í] an 8 Deireadh Fómhair 2018 agus an 10 Deireadh Fómhair 2018, chugam. Thug fostaí de chuid Europol B an diosca seachtrach sin go pearsanta, ó cheanncheathrú Europol sa Háig [an Ísiltír].

Tá torthaí sealadacha sa diosca atá i gceist i bhfoirm éadálacha agus aisghabhálacha cuimhne le haghaidh fhianaise 1Z (cárta SIM amháin), 2Z, 3Z, 4Z (cárta SIM amháin), 5Z, 6Z, 7Z, 8Z, 1K, 2K.

Tá ábhar an diosca HDD sin faoi chosaint ag pasfhocal a cuireadh in iúl dom.’

18      An 17 Deireadh Fómhair 2018, d’iarr NAKA cúnamh ó Europol chun, inter alia, na sonraí atá ar ghléas stórála USB a scrúdú.

19      I dtuarascáil Europol an 13 Eanáir 2019 (‘tuarascáil Europol’), a seoladh chuig NAKA an 14 Feabhra 2019, luaitear, faoin gceannteideal ‘Comhthéacs (stairiúil)’, ‘cuirtear [an t‑achomharcóir] faoi choinneáil ar amhras faoi chion airgeadais ón 20 Meitheamh 2018. Tá a ainm nasctha go díreach, inter alia, le “liostaí maifia” mar a thugtar orthu agus le “Páipéir Phanama”’.

20      An 1 Aibreán 2019, bhain údaráis choiriúla na Slóvaice úsáid as an bhfaisnéis atá sna fóin phóca atá i gceist in imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne an achomharcóra. Ina theannta sin, is léir ó thuarascáil ó sheirbhísí póilíneachta na Slóvaice an 18 Meitheamh 2019 go ndearna na húdaráis sin anailís iomlán ar na sonraí a bhí ar na teileafóin sin.

21      Ina theannta sin, thagair ailt agus suíomhanna gréasáin éagsúla preasa, lena n‑áirítear cinn líonra idirnáisiúnta d’iriseoirí iniúchacha, do líon an‑mhór faisnéise a bhaineann leis an achomharcóir ó, inter alia, na fóin phóca atá i gceist agus maítear gur cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal. Go háirithe, an 20 agus an 29 Bealtaine 2019, rinneadh tagairt do shonraí ó na teileafóin sin i roinnt ailt phreasa. Thairis sin, an 19 Bealtaine 2020, d’fhoilsigh suíomh gréasáin roinnt doiciméad a bhaineann leis an achomharcóir agus, go háirithe, tras-scríbhinní de chomhráite de chineál dlúthphríobháideach, a mhalartaítear idir é féin agus cara trí sheirbhís teachtaireachtaí criptithe, atá ar na teileafóin sin. Maítear gur bhain preas na Slóvaice úsáid as an rogha sin an 21 Bealtaine 2020.

22      I litir dar dáta an 4 Bealtaine 2020, d’éiligh an t‑achomharcóir, ar bhonn Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, cúiteamh de mhéid EUR 100 000 mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a mhaíonn sé a bhain dó, ar dhá fhoras, mar thoradh ar mhainneachtain a cheart maidir le hurraim dá shaol príobháideach agus dá shaol teaghlaigh a urramú. Maíonn sé go ndearnadh damáiste, ar thaobh amháín, trí shonraí pearsanta a fhoilsiú sa phreas agus ar an idirlíon, go háirithe trí thras-scríbhinní dá chumarsáid dhlúthphearsanta agus ghnéasach a fhoilsiú. Ar an taobh eile, maíonn sé gurb é an dara cúis leis an damáiste sin ná a ainm a chur ar na ‘liostaí maifia’, a líomhnaítear a bheith bunaithe ar thuarascáil Europol, ós rud é gur atáirgeadh sa phreas na liostaí sin tar éis sceitheadh a bhain leis an gcomhad maidir leis na himeachtaí coiriúla náisiúnta a bhaineann le dúnmharú an iriseora agus a fiancé dá dtagraítear i mír 13 den bhreithiúnas seo, cé gur áiríodh an tuarascáil sin sa chomhad sin.

23      Tar éis an imscrúdaithe a rinne údaráis na Slóvaice, dá dtagraítear i mír 13 den bhreithiúnas seo, rinneadh an t‑achomharcóir a ionchúiseamh mar chomhchoirí leis an dúnmharú sin as na maruithe a ordú.

24      An 3 Meán Fómhair 2020, ar an gcéad chéim, d’éigiontaigh cúirt inniúil na Slóvaice an t‑achomharcóir. An 15 Meitheamh 2021, chuir Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) an breithiúnas ar ceal ag an gcéad chéim agus tharchuir sé an cás ar ais.

 An nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

25      Trí iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 18 Lúnasa 2020, thug an t‑achomharcóir caingean faoi Airteagail 268 agus 340 CFAE agus Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 ag lorg cúitimh as an damáiste neamhábhartha a mhaíonn sé a bhain dó mar thoradh ar iompar Europol. Faoin gcéad chuntar éilimh, d’iarr sé cúiteamh EUR 50 000 mar chúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar nochtadh sonraí pearsanta ó na fóin phóca atá i gceist, sonraí a foilsíodh ar an idirlíon ina dhiaidh sin agus a atáirgeadh i bpreas na Slóvaice. Rinne nochtadh sonraí pearsanta dochar dá onóir agus dá cháil ghairmiúil agus sháraigh sé a cheart go n‑urramófaí a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh agus a cheart go n‑urramófaí a chumarsáidí, a chumhdaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Faoin dara cuntar éilimh, d’iarr an t‑achomharcóir cúiteamh den mhéid céanna le cúiteamh as an damáiste a éilíonn sé a bheith fulaingthe aige toisc gur chuir Europol a ainm ar na ‘liostaí maifia’.

26      Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, ar dtús, chinn an Chúirt Ghinearálta, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna do-ghlacthachta a d’ardaigh Europol maidir le céad chuntar éilimh an achomharcóra, nach raibh an cuntar éilimh sin inghlactha ach amháin sa mhéid gur éiligh an t‑achomharcóir, ag an gcuntar éilimh sin, damáiste neamhábhartha a d’eascair as nochtadh líomhainte ag Europol ar na tras-scríbhinní de chomhráite de chineál dlúthphearsanta agus gnéasach idir é féin agus a chara, a tógadh ó na fóin phóca atá i gceist. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, maidir le raon feidhme an damáiste líomhainte, cé gur mhaígh an t‑achomharcóir gur nocht Europol líon mór sonraí pearsanta ó na teileafóin sin, níor thacaigh fianaise dhoiciméadach ach le nochtadh na dtras-scríbhinní sin, murab ionann agus nochtadh líomhainte grianghraf ‘de chineál an‑rúnda’, ar léirigh cuid acu a chara gan a cuid éadaí.

27      Ina dhiaidh sin, maidir leis an tsubstaint, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an chéad chuntar éilimh sin mar a leagtar amach thuas é sin. Ar an gcéad dul síos, chinn sí, i míreanna 58 go 91 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár thug an t‑achomharcóir ar aird ‘fianaise go raibh nasc cúisíoch a bunaíodh go leordhóthanach’ idir an damáiste a líomhnaíodh agus aon iompar ar thaobh Europol. Go háirithe, níor léirigh an t‑achomharcóir go raibh nochtadh na sonraí sna fóin phóca atá i gceist ná tras-scríbhinní na gcomhráite idir an t‑achomharcóir agus a chara inchurtha i leith Europol.

28      Ar an dara dul síos, i míreanna 92 go 95 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta nach ndearnadh dochar don chonclúid nach bhféadfaí nochtadh na sonraí i gceist a chur i leith Europol le haithris 57, le hAirteagal 49(3) nó le hAirteagal 50 de Rialachán 2016/794, ar ar bhraith an t‑achomharcóir.

29      I ndáil leis sin, ar thaobh amháin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 93 go 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár luadh in Airteagal 49(3) agus Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 ach go raibh ar Europol, a mhéid a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach agus, go háirithe, dliteanas a d’eascair as oibríochtaí próiseála sonraí neamhdhleathacha, aon damáiste a shlánú arbh iad a sheirbhísí nó a bhaill foirne ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 340 CFAE. De réir na Cúirte Ginearálta, níor comhlíonadh na coinníollacha sin sa chás seo. Ar an taobh eile, mheabhraigh an Chúirt, cé gur fíor go sonraítear in aithris 57 de Rialachán 2016/794, go bunúsach, go bhfuil Europol agus an Ballstát inar tharla an damáiste a d’eascair as próiseáil neamhdhleathach sonraí a rinne an ghníomhaireacht sin nó a rinne an Ballstát sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an damáiste sin, nach mór a mheas mar sin féin nach bhfuil an sásra dliteanais comhpháirteach agus leithleach sin curtha in iúl ag forálacha an Rialacháin sin ná bunaithe orthu. Ina theannta sin, chuir sí in iúl, de réir chásdlí na Cúirte, nach bhfuil aon fheidhm dhlíthiúil cheangailteach ag brollach gnímh de chuid an Aontais agus nach féidir brath air mar fhoras chun maolú ar fhorálacha iarbhír an ghnímh atá i gceist. Dá bhrí sin, chinn an Chúirt Ghinearálta ‘nach féidir le haithris 57 de Rialachán 2016/794 dliteanas comhpháirteach agus leithleach Europol a chruthú sa chás seo.’

30      Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chéad chuntar éilimh toisc é a bheith gan bhunús, agus mhaígh sí nach raibh sé riachtanach scrúdú a dhéanamh ar cibé ar comhlíonadh na coinníollacha eile a bhí ar an Aontas Eorpach dliteanas neamhchonarthach a thabhú.

31      Maidir leis an dara cuntar éilimh, a bhaineann le cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a rinneadh mar thoradh ar ainm an achomharcóra a bheith ar na ‘liostaí maifia’ ag Europol, chinn an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 102 agus 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár suíodh gur dhréachtaigh agus gur choinnigh institiúid de chuid an Aontais na liostaí sin, de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, go háirithe ag Europol, agus nár tugadh amhras ar an gconclúid sin le haithris 57, le hAirteagal 49(3) nó Airteagal 50 de Rialachán 2016/794, ar na cúiseanna céanna leis na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 92 go 95 den bhreithiúnas faoi achomharc agus a dtugtar achoimre air i mír 29 thuas.

32      Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl freisin, i míreanna 106 go 109 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh ag glacadh leis go raibh an dara cuntar éilimh ‘a thuigfí mar bhunús na n‑athruithe sna tuairiscí a d’úsáid preas na Slóvaice i ndáil leis an achomharcóir, sa mhéid nach raibh sé á chur i láthair a thuilleadh mar “fhiontraí conspóideach” ach, anois, mar “fhear maifia” nó mar “dhuine ar liostaí maifia”’, go raibh an cuntar éilimh sin gan bhunús freisin. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go háirithe, nár chuir an t‑achomharcóir aon fhianaise ar fáil a d’fhéadfadh a shuíomh gur de thionscnamh thuarascáil Europol an fhaisnéis a foilsíodh i bpreas na Slóvaice, nó chun nasc cúisíoch a bhunú ar an gcaighdeán dlíthiúil riachtanach idir sceitheadh na tuarascála sin agus an chaoi ar athraigh preas na Slóvaice, ó thús 2019, an bealach ar chuir sé síos ar an achomharcóir. Tagann an chomhtharlú líomhainte in am salach ar an bhfianaise a chuir an t‑achomharcóir agus Europol ar fáil, agus ina dhiaidh sin, i bhfad roimh thús 2019, chuir preas na Slóvaice an t‑achomharcóir i láthair ó am go chéile mar ‘fhear maifia’, rud a chiallaíonn nach ndearna siad cur síos air amhlaidh mar thoradh ar sceitheadh an chomhaid choiriúil náisiúnta a bhain leis an achomharcóir a bhí sa tuarascáil sin.

33      Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don dara cuntar éilimh toisc é a bheith gan bhunús agus diúltaíodh don chaingean ina hiomláine.

 An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na horduithe atá á lorg ag na páirtithe

34      Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 8 Nollaig 2021, thug an t‑achomharcóir achomharc i gcoinne an bhreithiúnais atá faoi chonspóid.

35      Trína achomharc, iarrann an t‑achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

–        an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus

–        a ordú go ndéanfar an cinneadh maidir le costais sna príomhimeachtaí.

36      Iarrann Europol ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an t‑achomharc a dhíbhe; agus

–        ordú a thabhairt don achomharcóir na costais a íoc.

37      Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 1 Aibreán 2022, tugadh cead do Phoblacht na Slóvaice idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Europol.

 An tachomharc

38      Mar thaca lena achomharc, maíonn an t‑achomharcóir sé shaincheist dlí. Baineann an chéad saincheist dlí go dtí an ceathrú saincheist dlí le diúltú don chéad chuntar éilimh, lena n‑iarrtar cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a mhaíonn sé gur bhain dó mar thoradh ar shonraí pearsanta a nochtadh don phobal ó na fóin phóca atá i gceist. Baineann an cúigiú agus an séú saincheist dlí le diúltú don dara cuntar éilimh, lena n‑iarrtar cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a mhaíonn sé gur bhain dó toisc gur áiríodh a ainm ar ‘liostaí maifia’.

 Inghlacthacht an chéad agus an cúigiú saincheist dlí

 Argóintí na bpáirtithe

39      Maíonn Europol go raibh an chéad agus an cúigiú saincheist dlí ar achomhairc, á líomhain nach raibh Europol agus an Ballstát lena mbaineann faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an damáiste a fulaingíodh mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí do-ghlactha, a mhéid a bhaineann siad le saincheist arna tíolacadh go déanach ag an achomharcóir os comhair na Cúirte Ginearálta, eadhon ag céim an fhreagra. Ba cheart go mbeadh do-ghlacthacht na saincheisteanna sin ardaithe ag an gCúirt Ghinearálta uaithi féin.

40      Áitíonn an t‑achomharcóir gur cheart an tsaincheist ar do-ghlacthacht a dhiúltú.

 Measúnú na Cúirte

41      Is léir ó Airteagal 84(1) agus (2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta go bhfuil saincheisteanna a cuireadh ar aghaidh den chéad uair ag céim an fhreagra agus nach bhfuil bunaithe ar ábhair dlí nó fíorais a tháinig chun solais le linn na n‑imeachtaí do-ghlactha. Mar sin féin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin i ndáil leis sin nach mór saincheist nó argóint a d’fhéadfaí a mheas mar fhorbairt ar shaincheist a cuireadh ar aghaidh roimhe sin san iarratas a mheas mar inghlactha (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Aibreán 2007, Alcon v OHMI, C‑412/05, EU:C:2007:252, míreanna 38 go 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá réir sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil saincheist den sórt sin do-ghlactha ar an bhforas go bhfuil sí as am.

42      Sa chás seo, i mír 58 dá iarratas os comhair na Cúirte Ginearálta, mhaígh an t‑achomharcóir, ar bhonn an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh dá bhforáiltear in Airteagal 49(3) agus in Airteagal 50 de Rialachán 2016/794, agus i bhfianaise aithris 57 den Rialachán sin, gur cheart Europol a chur faoi dhliteanas i leith an damáiste a bhain dó fiú dá mba rud é go ndearnadh na gníomhartha ba chúis leis an damáiste sin in éineacht le húdaráis na Slóvaice. I mír 24 den fhreagra, d’fhorbair an t‑achomharcóir an argóint sin, agus mhaígh sé, faoi na forálacha sin agus, go háirithe, i bhfianaise na haithrise sin, go raibh Europol faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach in aon chás leis an mBallstát lena mbaineann i leith an damáiste a rinneadh mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí.

43      Agus an méid sin á dhéanamh aige, bhí an t‑achomharcóir ag brath go sainráite, ina iarratas, ar shásra a bheith ann maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach Europol bunaithe ar Airteagail 49 agus 50 de Rialachán 2016/794, arna léamh i bhfianaise aithris 57 den Rialachán sin, rud a chiallaíonn go raibh an Chúirt Ghinearálta ceart chun glacadh leis an tuairim gur tharraing an t‑achomharcóir anuas, tríd an iarratas sin, ceist an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh sin i gcomhthéacs an cháis seo. Dá bhrí sin, ní mór mír 24 den fhreagra a mheas mar fhorbairt ar an argóint a leagtar amach san iarratas ina leith sin.

44      Sna himthosca sin, bhí an Chúirt Ghinearálta ceart chun anailís a dhéanamh ar na forálacha agus ar an aithris a raibh an t‑achomharcóir ag brath uirthi i gcomhthéacs na n‑argóintí sin.

45      Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tsaincheist maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh Europol.

 An chéad saincheist dlí

 Argóintí na bpáirtithe

46      Faoin gcéad saincheist dlí, déanann an t‑achomharcóir gearán go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cinneadh á dhéanamh aici, i míreanna 94 agus 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gan aithris 57 de Rialachán 2016/794 a chur san áireamh chun dliteanas Europol a chinneadh bunaithe ar Airteagal 50(1) den Rialachán sin, ar an bhforas nach bhfuil aon fheidhm dhlíthiúil cheangailteach ag brollach Rialacháin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go mícheart don chéad chuntar éilimh trína chinneadh nach féidir leis an aithris sin dliteanas comhpháirteach agus leithleach a chruthú do Europol mar gheall ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí ag an ngníomhaireacht sin nó ag an mBallstát lena mbaineann.

47      I ndáil leis sin, maíonn an t‑achomharcóir, go bunúsach, gur chinn an Chúirt Ghinearálta gur ghá don duine a bhfuil an damáiste inchurtha ina leith an damáiste sin a sheasamh, eadhon Europol nó an Ballstát lena mbaineann, cé go leanann sé ó Airteagal 49(3) agus Airteagal 50 de Rialachán 2016/794, arna léamh i bhfianaise aithris 57 de agus na gcuspóirí arna saothrú leis an Rialachán sin, go mbunaítear leis an Rialachán sin dliteanas comhpháirteach agus leithleach ó thaobh Europol agus an Bhallstáit inar tharla an damáiste a d’eascair as próiseáil neamhdhleathach sonraí a rinne an ghníomhaireacht sin nó an Ballstát sin.

48      Áitíonn Europol, le tacaíocht ó Phoblacht na Slóvaice, nach bhfuil bunús leis an gcéad saincheist dlí.

49      Maíonn an ghníomhaireacht sin go bhfuil dliteanas an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 340 CFAE faoi réir roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, lena n‑áirítear neamhdhleathacht an iompair a líomhnaítear i gcoinne institiúid an Aontais lena mbaineann. Cuirtear in iúl freisin nach féidir an tAontas Eorpach a chur faoi dhliteanas in éagmais iompar neamhdhleathach ó thaobh ceann dá chuid institiúidí agus nach féidir an damáiste a dhéanann na Ballstáit a bheith ina chúis leis an dliteanas sin. Ina theannta sin, i gcásanna ina n‑idirghníomhaíonn údaráis an Aontais Eorpaigh agus údaráis na mBallstát, shonraigh an Chúirt, inter alia, i gcás ina ndéanann an tAontas agus Ballstát damáiste go comhpháirteach, nach bhféadfaidh Cúirteanna an Aontais Eorpaigh rialú ar an damáiste go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gcúirt náisiúnta ina leith sin. Ní aithneofar dliteanas comhpháirteach agus leithleach an Aontais Eorpaigh agus an Bhallstáit lena mbaineann, i bprionsabal, i gcomhthéacs an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, i gcás ina ngníomhaíonn siad i gcomhpháirt; bheadh gá le tagairt shainráite chuige sin ó reachtas an Aontais.

50      Thairis sin, níl feidhm ag Airteagal 50 de Rialachán 2016/794 maidir leis an bpróiseáil sonraí atá i gceist sa chás seo, ós rud é nach bhfuil feidhm aige ach maidir le próiseáil sonraí a dhéantar i gcomhthéacs oibríochtaí agus chúraimí Europol. Ós rud é gur tharla na fíorais dhíobhálacha líomhainte le linn choinneáil an chomhaid imscrúdaithe náisiúnta, ní ‘oibríochtaí próiseála sonraí neamhdhleathacha’ iad, de réir bhrí an Airteagail sin, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin.

51      Thairis sin, ní fhoráiltear go sainráite in Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach Europol agus an Bhallstáit lena mbaineann. Faoin bhforáil sin, níl Europol faoi dhliteanas ach ‘i gcomhréir le hAirteagal 340 [CFAE],’ rud a chiallaíonn nach féidir an dliteanas sin a thabhú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na trí choinníoll a eascraíonn as an bhforáil sin. Dá bhrí sin, fiú dá mbeadh Airteagal 50(1) infheidhme sa chás seo, ní fhéadfadh Europol dliteanas a thabhú in éagmais aon iompar neamhdhleathach ar a thaobh féin agus in éagmais nasc cúisíoch idir iompar den sórt sin agus an damáiste a bhain dó. Thairis sin, ní féidir a cheangal ar an Aontas Eorpach damáiste a eascraíonn as gníomhaíocht Ballstáit faoi Airteagal 50(1) a shlánú, nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le damáiste a rinne an tAontas Eorpach agus Ballstát go comhpháirteach, mar a dhearbhaítear le foclaíocht Airteagal 50(2) den Rialachán sin.

52      De réir Europol, ní féidir a thuiscint ó aithris 57 de Rialachán 2016/794 nach amhlaidh an cás. Leis an gcoincheap ‘dliteanas comhpháirteach agus leithleach’ dá dtagraítear san aithris sin, glactar leis go bhfuil níos mó ná eintiteas amháin faoi dhliteanas i leith an damáiste chéanna, agus ní go bhféadfadh Europol, in éagmais aon iompar neamhdhleathach uaidh, a bheith faoi dhliteanas i leith gníomhaíocht Ballstáit. Tá léiriú an achomharcóra ar an aithris sin ag teacht salach ar raon feidhme an Rialacháin sin agus ar fhoclaíocht Airteagal 50 de. Ós rud é nach bhfuil feidhm dhlíthiúil cheangailteach ag an mbrollach a ghabhann le gníomh de chuid an Aontais, ní féidir brath air chun imeacht ó fhoclaíocht shoiléir forála.

 Measúnú na Cúirte

53      Is iomchuí a mheas, ar dtús, an mbunaítear le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh de chuid Europol agus an Bhallstáit lena mbaineann i gcás próiseáil neamhdhleathach sonraí. Más amhlaidh an cás, beidh sé riachtanach ansin na coinníollacha faoinar féidir an dliteanas sin a thabhú a chinneadh.

–       Cineál an chórais dliteanais faoi Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794

54      Chun Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 a léiriú, go háirithe d’fhonn cineál an chórais dliteanais a leagtar síos ann a chinneadh, is gá, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, machnamh a dhéanamh ní hamháin ar fhoclaíocht an chórais sin ach ar an gcomhthéacs ina bhfuil sé agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid de é (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meitheamh 2021, TEAM POWER EUROPE, C‑784/19, EU:C:2021:427, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55      Maidir le foclaíocht Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, luaitear sa Rialachán sin go bhfuil sé de cheart ag an duine a ndearnadh díobháil dó mar thoradh ar oibríocht próiseála neamhdhleathach sonraí cúiteamh a fháil as an damáiste a bhain dó ‘ó Europol [...], nó ón mBallstát inar tharla an teagmhas ba shiocair don damáiste [...].’ Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 38 dá Thuairim, níl na focail sin aonchiallach maidir le cineál an dliteanais lena mbaineann. Féadfaidh siad a léiriú nach mór don duine nádúrtha dá ndearnadh díobháil dul i muinín Europol i gcás damáiste atá inchurtha ina leith go hiomlán nó go páirteach nó dul i muinín an Bhallstáit lena mbaineann i gcás damáiste atá inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith an Bhallstáit sin. Mar sin féin, a mhéid a d’fhéadfadh sé teacht as na téarmaí sin go bhféadfadh an duine díobhálaithe dul i muinín aon cheann de na heintitis sin gan idirdhealú – is é sin le rá, Europol nó an Ballstát lena mbaineann – d’fhonn an damáiste go léir a fulaingíodh mar thoradh ar phróiseáil sonraí neamhdhleathach i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus an Ballstát sin a chúiteamh, ní chuireann na focail sin bac ar an bhforáil sin dliteanas comhpháirteach agus leithleach a bhunú do na heintitis sin ina leith sin.

56      Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh an gcruthaíonn an fhoráil sin, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 agus a chomhthéacs, córas comhpháirteach agus leithleach de chuid Europol agus an Bhallstáit lena mbaineann i ndáil le damáiste a fulaingíodh mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí a tharla i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus an Ballstát sin faoin Rialachán sin.

57      De réir aithris 57 de Rialachán 2016/794, ina gcuirtear an cuspóir sin in iúl, ‘d’fhéadfadh nach mbeadh sé soiléir don duine atá i gceist cibé acu ar tharla nó nár tharla an damáiste a d’fhulaing sé nó sí mar gheall ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí de thoradh beart a rinne Europol nó Ballstát [agus ba] cheart do Europol agus don Bhallstát inar tharla an t‑imeacht as ar eascair an damáiste bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach, dá bhrí sin’.

58      Dá bhrí sin, agus aird á tabhairt ar an staid nach féidir le duine nádúrtha a ndearnadh díobháil dó trí phróiseáil neamhdhleathach sonraí a chinneadh an bhfuil a dhamáiste inchurtha i leith ghníomhaíocht Europol nó gníomhaíocht Ballstáit lena bhfuil Europol tar éis comhoibriú, bhunaigh reachtas an Aontais córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh idir Europol agus an Ballstát inar tharla an teagmhas díobhálach chun cosaint iomlán a áirithiú don duine nádúrtha sin i gcás den sórt sin.

59      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, cé nach bhfuil feidhm dhlíthiúil cheangailteach aici, go bhfuil luach léiritheach tábhachtach ag aithris sa bhrollach a ghabhann le gníomh de chuid an Aontais, sa mhéid gur féidir léi ábhar forála den ghníomh lena mbaineann a shoiléiriú agus rún údar an ghnímh sin a shoiléiriú (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Iúil 2023, an Coimisiún v CK Telecoms UK Investments, C‑376/20 P, EU:C:2023:561, míreanna 104 agus 105 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60      Is fíor nach féidir brath ar an aithris i mbrollach gnímh de chuid an Aontais chun maolú ar fhorálacha iarbhír an ghnímh lena mbaineann ná chun na forálacha sin a léiriú ar bhealach atá contrártha go follasach lena bhfoclaíocht (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Meitheamh 2014, Karen Millen Fashions, C‑345/13, EU:C:2014:2013, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear, an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 191).

61      Sa chás seo, áfach, níl aithris 57 de Rialachán 2016/794 ag teacht salach ar théarmaí Airteagal 50(1) den Rialachán sin ar chor ar bith. Mar a luaitear i mír 55 den bhreithiúnas seo, luíonn na focail sin, go háirithe, le léiriú ar dá réir a bhunaítear leis an bhforáil sin córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh de chuid Europol agus an Bhallstáit lena mbaineann i bhfabhar an duine nádúrtha a ndearna próiseáil neamhdhleathach sonraí díobháil dó agus a tharla i gcomhthéacs an chomhair eatarthu.

62      Is léir ó na heilimintí anailíse sin go gcruthaítear le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, arna léamh i bhfianaise aithris 57 den Rialachán sin, i gcomhréir le rún reachtas an Aontais tús áite a thabhairt don duine nádúrtha a ndearnadh díobháil dó, córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh de chuid Europol agus an Bhallstáit lena mbaineann i ndáil leis an damáiste a fulaingíodh mar thoradh ar an bpróiseáil sin.

63      Tugtar tacaíocht don léiriú seo le comhthéacs na forála seo, go háirithe le hAirteagal 49 agus Airteagal 50(2) de Rialachán 2016/794.

64      Ar thaobh amháin, leagtar síos le hAirteagal 49 de Rialachán 2016/794, i gcomhréir lena theideal, forálacha ginearálta maidir le dliteanas agus leis an gceart chun cúitimh. Ar an taobh eile, is léir ó theideal Airteagal 50 den Rialachán sin go mbaineann an tAirteagal sin go sonrach le dliteanas as próiseáil mhícheart sonraí agus leis an gceart chun cúitimh a eascraíonn as sin. Cuirtear béim, go háirithe, ar chineál maolaitheach Airteagal 50 ó phrionsabail ghinearálta dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh, go háirithe le hAirteagal 49(3) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 56 de.

65      Faoin bhforáil dheireanach sin, i gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Europol, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a bhaill foirne féin is cúis leis i bhfeidhmiú a ndualgas. Tá an riail sin, áfach, ‘gan dochar d’Airteagal 49’ de Rialachán 2016/794.

66      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gurb ionann an tagairt do ‘Airteagal 49’, dá dtagraítear i bhfoclaíocht Airteagal 49(3) den Rialachán sin, agus earráid fhollasach sa dréachtú. Ní bheadh aon chiall leis an tagairt seo dá dtagrófaí léi don Airteagal a bhfuil sé ina chuid de. Dá réir sin, agus ós rud é go mbunaítear le hAirteagal 50 den Rialachán sin córas de mhaolú ar na rialacha ginearálta maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 49(3), ní mór an fhoráil dheireanach sin a léamh, maidir leis an gcuid tosaigh di ina bhfuil na focail ‘gan dochar,’ mar thagairt d’Airteagal 50.

67      Tugann aithris 56 de Rialachán 2016/794 tacaíocht leis an léiriú a glacadh sa mhír roimhe seo, sa mhéid is ‘ba cheart do Europol bheith faoi réir na rialacha ginearálta ar dhliteanas conarthach agus neamhchonarthach is infheidhme maidir le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, cé is moite de na rialacha ar dhliteanas as próiseáil neamhdhleathach sonraí.’

68      Dá bhrí sin, tá sé beartaithe le hAirteagal 50 de Rialachán 2016/794 córas speisialta dliteanais neamhchonarthaigh a bhunú i ndáil le hoibríochtaí próiseála sonraí neamhdhleathacha, a mhaolaíonn ón gcóras dliteanais ginearálta a leagtar síos leis an Rialachán sin.

69      Thairis sin, is léir ó Airteagal 50(2) de Rialachán 2016/794 nach ionann an agóid os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó os comhair na cúirte náisiúnta inniúla i leith dhliteanas Europol nó an Bhallstáit lena mbaineann i leith próiseáil neamhdhleathach sonraí a tharla i gcomhthéacs an chomhair eatarthu ach an chéad chéim den dá chéim den sásra dliteanais dá bhforáiltear san Airteagal sin. De réir Airteagal 50(2) den Rialachán, is é atá i gceist leis an dara céim den sásra sin ‘freagracht dheireanach’ Europol agus/nó an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh as cúiteamh arna dheonú do dhuine nádúrtha i gcomhréir le hAirteagal 50(1) den Rialachán sin, ós rud é go bhféadfar aon díospóid idir Europol agus na Ballstáit ina leith sin a thabhairt os comhair Bhord Bainistíochta Europol, gan dochar don cheart caingean a thabhairt i gcoinne a chinnidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

70      Maidir leis an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 50(2) de Rialachán 2016/794 a chinneadh ag Bord Bainistíochta Europol, i gcomhthéacs an dara céim sin, an ‘fhreagracht deiridh’ a thagann ar an eintiteas a bhfuil an t‑iompar neamhdhleathach as a dtagann an damáiste inchurtha ina leith, nó fiú sciar den dliteanas a thagann ar gach ceann de na heintitis i gcás iompar neamhdhleathach comhthráthach, nach mbeadh aon chúis leis a bheith in éagmais dliteanas comhpháirteach agus leithleach ó thaobh na n‑eintiteas sin.

71      Mar is léir ón méid thuas, ní mór a mheas go mbunaítear le hAirteagal 50 de Rialachán 2016/794, arna léamh i bhfianaise Airteagal 49(3) agus aithrisí 56 agus 57 den Rialachán sin, córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh do Europol agus don Bhallstát inar tharla an damáiste a d’eascair as próiseáil neamhdhleathach sonraí i gcomhthéacs an chomhair eatarthu faoin Rialachán sin.

72      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 51 dá Thuairim, níl an córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh sin sa bhreis ar dhlí an Aontais maidir le próiseáil sonraí. Dá bhrí sin, le hAirteagal 82(4) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1), déantar foráil maidir leis an dliteanas sin i gcás rialaitheoirí sonraí iolracha.

–       Coinníollacha maidir le dliteanas a thabhú faoi Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794

73      I gcomhréir leis na coinníollacha a eascraíonn as Airteagal 340 CFAE, dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 i gcás ina dtugann an duine díobhálaithe caingean i gcoinne Europol, glactar leis, le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 340, go gcomhlíontar roinnt coinníollacha, eadhon neamhdhleathacht an iompair a líomhnaítear i gcoinne institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann, damáiste a bheith déanta agus nasc cúisíoch a bheith ann idir an t‑iompar sin agus an damáiste a ndéantar gearán ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Nollaig 2020, an Chomhairle v K. Chrysostomides & Co. agus páirtithe eile, C‑597/18 P, C‑598/18 P, C‑603/18 P agus C‑604/18 P, EU:C:2020:1028, míreanna 79 agus 80 agus an cásdlí dá dtagraítear).

74      I gcomhthéacs sonrach Rialachán 2016/794, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 50(1) den Rialachán sin nach mór do dhuine nádúrtha a bhfuil sé ar intinn aige nó aici a cheart nó a ceart chun cúitimh a dhearbhú, ar bhonn na forála sin, i gcoinne Europol nó an Bhallstáit caingean á tabhairt ina leith, a shuíomh gurb ann do ‘oibríocht próiseála sonraí neamhdhleathacha’, do ‘dhamáiste’ agus do nasc cúisíoch idir an oibríocht sin agus an damáiste sin. Dá bhrí sin, i bhfianaise an chéad cheann de na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, ní mór don duine sin a shuíomh gur tharla próiseáil neamhdhleathach sonraí i gcomhthéacs an chomhair a raibh baint ag Europol agus Ballstát faoin Rialachán sin leis.

75      Mar is léir ó mhíreanna 57 agus 58 den bhreithiúnas seo, is é an cuspóir a shaothraítear le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, i gcomhréir le haithris 57 den Rialachán sin, aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh an duine nádúrtha lena mbaineann a bheith neamhchosanta orthu agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh an ndearnadh an damáiste a bhain dó mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí a tharla i gcomhthéacs an chomhair sin mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne Europol nó an Ballstát lena mbaineann.

76      Ionas nach mbeidh Airteagal 50(1), arna léamh i bhfianaise aithris 57, neamhéifeachtach, ní féidir a cheangal ar an duine sin a shuíomh, cé acu an bhfuil an damáiste inchurtha i leith Europol nó i leith an Bhallstáit nó go dtionscnóidh sé imeachtaí dlíthiúla i gcoinne an dá eintiteas sin chun lánchúiteamh a fháil as an damáiste.

77      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhforáiltear le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 go bhféadfaidh an duine nádúrtha lena mbaineann agra a dhéanamh ar an dá eintiteas a d’fhéadfadh a bheith freagrach as próiseáil neamhdhleathach sonraí os comhair na cúirte céanna, ós rud é go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar an duine sin caingean a thionscnamh in aghaidh Europol os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó caingean a thabhairt in aghaidh an Bhallstáit os comhair chúirt inniúil an Bhallstáit sin.

78      Dá réir sin, ar dtús, cé go bhfuil an deis ag an mBallstát lena mbaineann agus ag Europol idiragairt a dhéanamh os comhair na Cúirte Ginearálta nó os comhair cúirte nó binse de chuid an Bhallstáit sin faoi seach, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh iallach a bheith ar an duine sin a chaingean a thabhairt in éagmais ceann de na heintitis sin. Ina dhiaidh sin, má bhíonn an dá eintiteas i láthair sna himeachtaí os comhair na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, leanann sé ón mír roimhe seo nach bhféadfar ach dliteanas duine acu a lorg i gcomhthéacs na n‑imeachtaí atá ar siúl, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhunú na bhfíoras. Ar deireadh, maidir le caingne arna dtabhairt ag an duine lena mbaineann i gcoinne Europol os comhair na Cúirte Ginearálta agus in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann faoi seach os comhair chúirteanna an Bhallstáit sin, tá an baol ann go n‑eascródh astu an cinneadh céanna, ó thaobh an dá chúirt sin, nach bhfuil gach ceann de na heintitis is cosantóir sin faoi dhliteanas, ós rud é nár shuigh an duine sin de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá go bhfuil an damáiste líomhainte inchurtha ina leith.

79      Is chun na deacrachtaí fianaise sin a chur san áireamh go beacht, áfach, a chuir reachtóir an Aontais ar fáil, in Airteagal 50 de Rialachán 2016/794, maidir le cúiteamh i leith damáiste a rinneadh de dheasca próiseáil neamhdhleathach sonraí, sásra dliteanais dhá chéim lena mbaintear, ar an gcéad dul síos, an t‑ualach ón duine nádúrtha lena mbaineann a bhaineann le céannacht an eintitis arb é a iompar ba chúis leis an damáiste líomhainte a shuí agus, ar an dara dul síos, lena bhforáiltear, tar éis don duine sin a chúiteamh, nach mór an ‘dliteanas deiridh’ i leith an damáiste sin a chinneadh go cinntitheach, i gcás inarb iomchuí, in imeachtaí nach bhfuil ach Europol agus an Ballstát lena mbaineann páirteach iontu os comhair Bhord Bainistíochta Europol.

80      Dá bhrí sin, ní mór Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, arna léamh i bhfianaise aithris 57 den Rialachán sin, a léiriú amhail nach gceanglaíonn sé ar an duine nádúrtha lena mbaineann a chruthaigh go ndearnadh próiseáil neamhdhleathach sonraí i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus Ballstát faoin Rialachán sin a shainaithint cé acu de na heintitis a raibh baint acu leis an gcomhar sin a ghlac an t‑iompar arb í an phróiseáil neamhdhleathach sin é.

81      Chun go dtabhóidh Europol nó an Ballstát lena mbaineann dliteanas comhpháirteach agus leithleach agus chun an duine nádúrtha lena mbaineann a chumasú chun cúiteamh iomlán a fháil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó os comhair na cúirte náisiúnta, faoi Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, is leor don duine sin a léiriú, le linn an chomhair idir Europol agus an Ballstát lena mbaineann faoin Rialachán sin, go ndearnadh próiseáil neamhdhleathach sonraí ba chúis leis an díobháil, gan é a bheith de cheangal air a shuíomh, ina theannta sin, cé acu den dá eintiteas sin atá freagrach as an bpróiseáil neamhdhleathach sin.

82      Mar sin féin, tá sé fós ar chumas an eintitis is cosantóir a shuíomh trí aon mhodh dlíthiúil go bhfuil sé dodhéanta an damáiste líomhainte a bheith nasctha leis an bpróiseáil neamhdhleathach líomhainte ar shonraí a tharla i gcomhthéacs an chomhair sin. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, dá gcinnfeadh an t‑eintiteas gur tharla an damáiste roimh an gcomhar faoi Rialachán 2016/794.

83      Is léir ón méid sin, trí dhiúltú, i mír 91 den bhreithiúnas faoi achomharc, do chéad chuntar éilimh an achomharcóra ar an bhforas nár shuigh sé go bhféadfaí nochtadh sonraí pearsanta a bhaineann leis a chur i leith Europol agus, dá bhrí sin, gur theip air ‘fianaise a thabhairt ar aird go raibh nasc cúisíoch leordhóthanach ann idir an damáiste a líomhnaítear i gcomhthéacs [an chuntair éilimh sin] agus aon iompar ar thaobh Europol,’ agus trína mheas, i míreanna 92 go 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár tugadh amhras ar an diúltú sin le haithris 57, le hAirteagal 49(3) agus le hAirteagal 50 de Rialachán 2016/794, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go mícheart nach ndearna Airteagal 50(1) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 57 de, an duine aonair lena mbaineann a dhíolmhú óna shuíomh cé acu den dá eintiteas a bhí freagrach as próiseáil neamhdhleathach sonraí.

84      Dá bhrí sin, tá bunús maith leis an gcéad saincheist dlí.

85      Leis an earráid dlí sin, cuirtear ó bhail diúltú, ina hiomláine, na Cúirte Ginearálta don chéad chuntar éilimh, mar a shainmhínítear i mír 49 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ós rud é nach ndearnadh agóid i gcoinne na teorann sin ar achomharc.

86      Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an gcéad saincheist dlí ar achomharc agus an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal a mhéid a dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chéad chuntar éilimh sin arna leagan amach, toisc é a bheith gan bhunús.

 An dara go dtí an ceathrú saincheist dlí

87      Baineann an dara go dtí an ceathrú saincheist dlí, cosúil leis an gcéad saincheist dlí, le diúltú an chéad chuntar éilimh, lena n‑iarrtar cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a líomhnaítear a d’fhulaing an t‑achomharcóir mar thoradh ar shonraí pearsanta ó na fóin phóca atá i gceist a nochtadh don phobal.

88      Toisc nach féidir an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ar bhonn níos fairsinge mar thoradh ar chinneadh an dara nó an ceathrú saincheist dlí ná mar a thiocfadh as glacadh leis an gcéad saincheist dlí, ní gá breithiúnas a dhéanamh orthu.

 An séú saincheist dlí

 Argóintí na bpáirtithe

89      Tá an séú saincheist dlí, nach mór a scrúdú roimh an gcúigiú saincheist dlí, ina dhá chuid agus baineann sé le míreanna 102 agus 106 go 111 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

90      Maidir leis an gcéad chuid den séú saincheist dlí, rinne an t‑achomharcóir gearán go ndearna an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, sna míreanna sin den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh aon nasc cúisíoch idir an t‑iompar neamhdhleathach a líomhnaítear i gcomhthéacs an dara cuntar éilimh, eadhon gur chuir Europol a ainm ar na ‘liostaí maifia’ nó gur bhunaigh Europol nasc idir é féin agus na liostaí sin, agus an damáiste a mhaíonn sé a bhain dó mar thoradh ar an nasc sin a bheith curtha san áireamh nó ar bhunú an naisc sin.

91      Mar thaca leis an gcéad chuid sin, cuireann an t‑achomharcóir in iúl nár luaigh Europol na cúiseanna le nasc den sórt sin a bhunú idir é féin agus na ‘liostaí maifia’ agus gur sháraigh an ghníomhaireacht sin, tríd an nasc sin a bhunú, prionsabal na comhréireachta trína chúram a shárú nach raibh ann ach anailís a dhéanamh ar an ngléas stórála USB atá i gceist.

92      Thairis sin, ós rud é go raibh tuarascáil Europol mar chuid den chomhad coiriúil náisiúnta a bhaineann leis an achomharcóir agus gur sceitheadh an fhaisnéis atá sa chomhad sin, ní mór a bhaint de thátal as go bhfuil nasc cúisíoch idir iompar neamhdhleathach Europol agus an damáiste a d’fhulaing an t‑achomharcóir. Cé nach luann aon cheann de na hailt phreasa atá i gceist an tuarascáil sin, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 107 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní chuireann sin an nasc cúiseach sin faoi amhras.

93      Ina theannta sin, cuireann an t‑achomharcóir in iúl gurb é Europol an t‑aon eintiteas a bhunaigh, sa tuarascáil sin, an nasc idir an t‑achomharcóir agus na ‘liostaí maifia’, cé nach bhforáiltear leis an dlí náisiúnta ná le dlí an Aontais go bhféadfaí liostaí den sórt sin a tharraingt suas agus a choinneáil. I ndáil leis sin, ní féidir meáin na Slóvaice a chur san áireamh, ar dá réir a choinnigh póilíní na Slóvaice na ‘liostaí maifia’. Thairis sin, agus é ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí chun an nasc sin a bhunú, sháraigh Europol a oibleagáidí faoi Airteagal 29(6) de Rialachán 2016/794. De réir an achomharcóra, ní mór a thuiscint nach léirítear i dtuarascáil Europol gur aimsigh sé an fhaisnéis a bhaineann leis an nasc idir an t‑achomharcóir agus na ‘liostaí maifia’ sna meáin agus go bhfuil an fhaisnéis sin sa tuarascáil gur bhunaigh Europol an nasc sin, nach léir ón ‘tablóideach’.

94      Líomhnaíonn an dara cuid den saincheist dlí sin saobhadh na fianaise. Maíonn an t‑achomharcóir go bhfuil cinneadh na Cúirte Ginearálta, i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a leanann as na hailt phreasa a táirgeadh le linn na n‑imeachtaí os a chomhair gur aicmíodh an t‑achomharcóir mar ‘fhear maifia’ fiú sular tarraingíodh suas tuarascáil Europol, mícheart. Is fianaise é teideal an ailt preasa, a foilsíodh an 28 Feabhra 2012, ina dtugtar ‘an fear maifia nach ann dó’ ar an achomharcóir, nach raibh aon bhaint aige leis na ‘liostaí maifia’.

95      Maíonn Europol agus Poblacht na Slóvaice gur cheart an séú saincheist dlí a dhiúltú.

 Measúnú na Cúirte

96      Maidir leis an dara cuid den séú saincheist dlí, arb iomchuí é a scrúdú ar dtús, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, gurb ann do shaobhadh ar chiall shoiléir na fianaise, go háirithe, i gcás go ndearna an Chúirt Ginearálta sárú ar na teorainneacha a bhaineann le measúnú réasúnta ar an bhfianaise sin go follasach. Ní mór an saobhadh a bheith soiléir ó na doiciméid atá i gcomhad na Cúirte, gan aon ghá measúnú nua a dhéanamh ar na fíricí agus ar an bhfianaise. I ndáil leis sin, ní leor a thaispeáint go bhféadfaí doiciméad a léiriú ar bhealach éagsúil leis an léiriú a ghlac an Chúirt Ghinearálta (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Feabhra 2023, an Coimisiún v an Iodáil agus an Spáinn, C‑635/20 P, EU:C:2023:98, mír 127 agus an cásdlí dá dtagraítear).

97      Sa chás seo, i mír 108 den bhreithiúnas faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta ‘go dtagann an comhtharlú ama a líomhnaíonn an t‑achomharcóir salach ar an bhfianaise a sholáthair an t‑achomharcóir féin agus Europol’. I dtaca leis sin, tugadh faoi deara, sa mhír chéanna, go ndearna an t‑achomharcóir tagairt, san iarratas, d’alt preasa a foilsíodh an 28 Feabhra 2012, dar teideal ‘Marián Kočner, An Fear Maifia nach ann dó’, agus ón ‘liostaí maifia’, mar a thugtar orthu, a sceitheadh ó na póilíní in 2005, tá an fiontraí Marián Kočner le feiceáil faoin gceannteideal ‘mótarfheithiclí is díol spéise’ agus go ndearna ‘Europol tagairt d’ailt phreasa a foilsíodh an 21 Meitheamh 2005 agus an 9 Iúil 2017, ag tagairt freisin do rannpháirtíocht ionchasach maifia an achomharcóra’.

98      Mar sin, is léir gur bhunaigh an Chúirt Ghinearálta a cinneadh go ndearnadh cur síos ar an achomharcóir mar ‘fhear maifia’ fiú sular tarraingíodh suas tuarascáil Europol ar shraith alt preasa a bhain leis an achomharcóir, agus ní ar an aon alt amháin, ó 2012, a sholáthair an t‑achomharcóir agus, dar leis, é a scaradh ó na ‘liostaí maifia’. Ar an dóigh sin, murab ionann agus an méid a chuir an t‑achomharcóir isteach, níor sháraigh an Chúirt Ghinearálta na teorainneacha a bhí le measúnú réasúnach ar an bhfianaise sin, arna glacadh ina hiomláine, agus níor shaobh sí an t‑alt preasa a raibh an t‑achomharcóir ag brath air trí léamh doréitithe leis an bhfoclaíocht a dhéanamh.

99      Dá bhrí sin, ní mór an dara cuid den séú saincheist dlí a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús.

100    Maidir leis an gcéad chuid den tsaincheist dlí sin, ba cheart a mheabhrú, i gcás dliteanas neamhchonarthach ar thaobh an Aontais Eorpaigh, gurb ionann an cheist maidir le nasc cúisíoch a bheith ann idir an teagmhas as a n‑eascraíonn an damáiste sin agus an damáiste, ar coinníoll é chun dliteanas den sórt sin a thabhú, agus saincheist dlí atá, dá bhrí sin, faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais (breithiúnas an 16 Iúil 2009, an Coimisiún v Schneider Electric, C‑440/07 P, EU:C:2009:459, mír 192, agus breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2019, FV v an Chomhairle, C‑188/19 P, EU:C:2019:690, mír 36). Ní féidir a bheith i gceist leis an measúnú sin, áfach go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na torthaí agus na measúnuithe fíorasacha a rinne an Chúirt Ghinearálta a cheistiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2009, an Coimisiún v Schneider Electric, C‑440/07 P, EU:C:2009:459, mír 193).

101    Ní mór a lua, leis an gcéad chuid sin den tsaincheist, go bhfuil an t‑achomharcóir, i ndáiríre, ag iarraidh na measúnuithe fíorasacha áirithe a rinne an Chúirt Ghinearálta i bhfianaise na fianaise a tugadh os a comhair, a thabhairt faoi cheist. Is iad sin, ar an gcéad dul síos, an measúnú i mír 102 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar dá réir nár chuir an t‑achomharcóir aon fhianaise ar fáil a d’fhéadfadh a shuíomh gur dhréachtaigh agus gur choinnigh Europol na ‘liostaí maifia’, ar ar áiríodh a ainm. Ar an dara dul síos, cuireann an t‑achomharcóir measúnú na Cúirte Ginearálta faoi amhras nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir iompar Europol a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus an damáiste líomhainte, sa mhéid gur chinn an Chúirt Ghinearálta, ar thaobh amháin, i mír 107 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár chuir an t‑achomharcóir aon fhianaise ar fáil gur tionscnaíodh an fhaisnéis a foilsíodh i ndáil leis sin i dtuarascáil Europol agus, ar an taobh eile, i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas sin, gur thuairiscigh preas na Slóvaice an t‑achomharcóir mar fhear maifia cheana féin roimh thús 2019. Ós rud é, leis an gcuid seo den tsaincheist, nach líomhnaíonn an t‑achomharcóir go ndearnadh saobhadh ar an bhfianaise, níl na measúnuithe sin faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais.

102    Dá bhrí sin, tá an chéad chuid den séú saincheist dlí do-ghlactha.

103    Mar sin, ní mór an saincheist dlí sin a dhiúltú mar, i bpáirt, do-ghlactha agus, i bpáirt, gan bhunús.

 An cúigiú saincheist dlí

104    Maidir leis an gcúigiú saincheist dlí, bunaithe ar an argóint a cuireadh ar aghaidh mar thaca leis an gcéad saincheist dlí, maíonn an t‑achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cinneadh á dhéanamh aici, i mír 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gan aithris 57 de Rialachán 2016/794 a chur san áireamh chun dliteanas Europol a chinneadh, ar an bhforas nach bhfuil feidhm dhlíthiúil cheangailteach ag an mbrollach a ghabhann le Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go héagórach don dara cuntar éilimh, ag lorg cúiteamh as an damáiste a mhaíonn an t‑achomharcóir a bheith fulaingthe mar thoradh ar a ainm a bheith curtha, mar a líomhnaítear, ar na ‘liostaí maifia’ ag Europol, ag rá nach bhfuil sásra do dhliteanas comhpháirteach agus leithleach á léiriú ná á bhunú leis i bhforálacha an Rialacháin sin i gcás próiseáil neamhdhleathach sonraí arna déanamh ag Europol nó ag an mBallstát lena mbaineann.

105    Áitíonn Europol, le tacaíocht ó Phoblacht na Slóvaice, gur cheart an cúigiú saincheist dlí a dhiúltú, ag brath ar na hargóintí céanna dá dtagraítear i míreanna 49 go 52 den bhreithiúnas seo, mar fhreagra ar na hargóintí a rinne an t‑achomharcóir i gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí.

106    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, chun diúltú don dara cuntar éilimh, chun cúiteamh a lorg as an damáiste a mhaíonn an t‑achomharcóir gur fhulaing sé mar thoradh ar a ainm a bheith ar áireamh ar na ‘liostaí maifia’ ag Europol, go raibh an Chúirt Ghinearálta, a bhfuil dlínse aici amháin chun na fíorais a chinneadh, a mheasúnú agus scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a nglacann sí léi mar thaca leis na saincheisteanna sin, ag brath ar roinnt tosca. Dá réir sin, chinn sí, ar an gcéad dul síos, i mír 102 den bhreithiúnas faoi achomharc, arb é is ábhar don séú foras achomhairc ar diúltaíodh dó, nár shuigh an t‑achomharcóir gur dhréachtaigh agus gur choinnigh Europol na ‘liostaí maifia’ ar ar áiríodh a ainm. Ar an dara dul síos, i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas sin, dá dtagraítear freisin sa séú saincheist dlí, a diúltaíodh, chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh an comhtharlú ama a líomhain an t‑achomharcóir idir tuarascáil Europol agus éabhlóid na dtuairiscí a d’úsáid preas na Slóvaice sa tagairt don achomharcóir, inar chuir preas na Slóvaice é i láthair mar ‘fhear maifia’ nó mar ‘dhuine ar liostaí maifia’, tar éis sceitheadh an chomhaid choiriúil náisiúnta ina leith, contrártha leis an bhfianaise a chuir an t‑achomharcóir agus Europol ar fáil, ag tagairt d’ailt phreasa a foilsíodh in 2005, 2012 agus 2017. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta freisin i mír 109 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ‘i bhfad roimh thús 2019, chuir preas na Slóvaice an t‑achomharcóir i láthair cheana féin mar “fhear maifia”, agus ní hamháin mar “fhiontraí conspóideach”’, agus chuir sí as an áireamh, ar bhonn na fianaise sin, ‘go bhféadfadh an cur i láthair sin den achomharcóir a bheith ag teacht ó sceitheadh an chomhaid choiriúil [náisiúnta] a bhaineann leis, [ina raibh] tuarascáil Europol’.

107    Dá bhrí sin, is léir, go háirithe, ó na cinntí a rinneadh i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas faoi achomharc agus, ós rud é gur tháinig tuarascáil Europol ina dhiaidh sin agus, ar an mbonn sin amháin, nach raibh baint aige leis an teagmhas díobhálach a líomhnaíonn an t‑achomharcóir i gcomhthéacs an dara cuntar éilimh, ní féidir an damáiste ar a bhfuil an t‑achomharcóir ag brath a nascadh le haon phróiseáil neamhdhleathach sonraí i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus údaráis na Slóvaice. Mar a tugadh le fios i míreanna 96 go 102 den bhreithiúnas seo, níor léirigh an t‑achomharcóir, i gcomhthéacs an séú saincheist dlí, gur shaobh an Chúirt Ghinearálta an fhianaise nó go ndearna sí earráid dlí maidir leis na cinntí sin.

108    Dá bhrí sin, sa chás seo, níl an ceanglas, a leagtar amach i mír 81 den bhreithiúnas seo, ceanglas atá riachtanach chun go mbeidh Europol faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach ar bhonn Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, agus mar thoradh air sin, ní féidir an dliteanas sin a thabhú, in aon chás, faoin dara cuntar éilimh.

109    Dá bhrí sin, d’ainneoin earráid dlí na Cúirte Ginearálta diúltú, i mír 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus ar na forais atá leagtha amach i míreanna 92 go 95 den bhreithiúnas sin, do phrionsabal iomlán dhliteanas comhpháirteach agus leithleach Europol i gcomhthéacs an Rialacháin sin, ní mór an cúigiú saincheist dlí a dhiúltú mar neamhéifeachtach.

110    Ós rud é gur diúltaíodh don chúigiú agus don séú saincheist dlí, ní mór an t‑achomharc a dhíbhe a mhéid a bhaineann sé leis an dara cuntar éilimh.

 An nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta

111    I gcomhréir leis an dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má chuirtear cinneadh na Cúirte Ginearálta ar ceal, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí sin.

112    Sa chás seo, i bhfianaise, go háirithe, go bhfuil caingean an achomharcóra os comhair na Cúirte Ginearálta bunaithe ar shaincheisteanna a bhí faoi réir malartú argóintí os comhair na Cúirte Ginearálta agus nach gá aon bheart breise maidir le heagrú nós imeachta ná fiosrúcháin ar an gcomhad a ghlacadh chun é a scrúdú, measann an Chúirt go gceadaítear le staid na n‑imeachtaí agus gur gá breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ina leith laistigh de theorainneacha na díospóide atá ar feitheamh os a comhair (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Márta 2021, an Coimisiún v Fútbol Club Barcelona, C‑362/19 P, EU:C:2021:169, mír 108 agus an cásdlí dá dtagraítear).

113    I bhfianaise an bhreithiúnais atá faoi achomharc a chur ar ceal go páirteach, ní gá rialú ach amháin ar an gcéad chuntar éilimh arna dhéanamh os comhair na Cúirte Ginearálta, mar a shainmhínítear i mír 49 den bhreithiúnas sin.

114    Éilíonn an t‑achomharcóir, ar bhonn Airteagail 268 agus 340 CFAE agus Airteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, suim EUR 50 000 mar chúiteamh ar an damáiste a mhaíonn sé gur bhain dó mar thoradh ar shonraí pearsanta a nochtadh don phobal ó na fóin phóca atá i gceist, a líomhnaítear a cuireadh ar fáil don phobal ar an idirlíon agus a ghlac preas na Slóvaice ar láimh. Leis an nochtadh sin de shonraí pearsanta, de bhua a bhfoilsithe, rinneadh dochar dá onóir agus dá cháil ghairmiúil agus sáraíodh a cheart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go n‑urramófaí a chumarsáidí, rud a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt.

115    I ndáil leis sin, maíonn an t‑achomharcóir, ag brath ar aithris 57 de Rialachán 2016/794, go bhféadfar Europol a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ar bhonn Airteagal 50(1) den Rialachán sin más toradh ar ghníomhaíocht Europol nó Ballstáit an damáiste a mhaíonn sé gur bhain dó mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí.

116    Áitíonn Europol nár suíodh gur phróiseáil sé sonraí go neamhdhleathach, ós rud é nár léiríodh gur tháinig sceitheadh sonraí a bhaineann leis an achomharcóir ó Europol. In aon chás, ní thiocfadh dliteanas neamhchonarthach go huathoibríoch as aon sceitheadh faisnéise, fiú dá mbunófaí í. Áitíonn Europol, de réir chásdlí na Cúirte, nach bhféadfaidh comhlachtaí an Aontais dliteanas neamhchonarthach a thabhú ach amháin más rud é, inter alia, go ndearnadh sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair. Ní leagtar síos le hAirteagal 32(1) de Rialachán 2016/794 dearbhoibleagáid toraidh, áfach; ní cheanglaítear leis ach ar Europol bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar aon chineál próiseála neamhúdaraithe atá déanta aige. Thairis sin, níor phróiseáil Europol riamh na sonraí a baineadh as na fóin phóca atá i gceist i bhfoirm dhíchriptithe intuigthe.

117    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, chun go dtabhóidh an tAontas Eorpach dliteanas neamhchonarthach faoin dara mír d’Airteagal 340 CFAE, ní mór roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, eadhon sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair, fírinne an damáiste agus nasc cúisíoch a bheith ann idir an sárú ar an oibleagáid atá ar údar an ghnímh agus an damáiste a bhain do na páirtithe díobhálaithe (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

118    Is léir ón gcásdlí sin go bhfuil dhá chuid sa chéad choinníoll don dliteanas sin, a bhaineann le neamhdhleathacht an iompair a líomhnaítear i gcoinne na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 73 den bhreithiúnas seo, eadhon gur gá, ar thaobh amháin, sárú ar riail de chuid dhlí an Aontais atá beartaithe chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair agus, ar an taobh eile, nach mór don sárú sin a bheith tromchúiseach go leor (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 36).

119    Maidir leis an gcéad chuid den choinníoll sin, de réir cásdlí socair, tagann cearta daoine aonair chun cinn ní hamháin i gcás ina ndeonaítear iad go sainráite le forálacha dhlí an Aontais, ach freisin mar gheall ar oibleagáidí dearfacha nó diúltacha a fhorchuireann na forálacha sin ar bhealach dea-shainithe ar dhaoine aonair agus ar na Ballstáit nó ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2022, Ministre de la Transition écologique agus Premier ministre (Freagracht Stáit maidir le truailliú aeir), C‑61/21, EU:C:2022:1015, mír 46). Tá feidhm aige sin freisin maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear le dlí an Aontais i gcomhthéacs an chomhair idir gníomhaireacht de chuid an Aontais, amhail Europol, agus na Ballstáit.

120    D’fhéadfadh sárú na n‑oibleagáidí sin difear a dhéanamh do na cearta a thugtar go hintuigthe do dhaoine aonair de bhua fhorálacha dhlí an Aontais lena mbaineann. Le héifeachtacht iomlán na bhforálacha sin agus le cosaint na gceart atá beartaithe leo a thabhairt, ceanglaítear go mbeidh an deis ag daoine aonair cúiteamh a fháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2022, Ministre de la Transition écologique agus Premier ministre (Freagracht Stáit maidir le truailliú aeir), C‑61/21, EU:C:2022:1015, mír 47).

121    Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforchuirtear le Rialachán 2016/794 ar Europol agus ar údaráis inniúla na mBallstát a n‑iarrtar orthu comhoibriú leis an ngníomhaireacht sin de chuid an Aontais chun críoch imeachtaí coiriúla, oibleagáid chun daoine aonair a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach a sonraí pearsanta, rud a eascraíonn, go háirithe, as comhléamh ar Airteagal 2(h), (i) agus (k), Airteagal 28(1)(a) agus (f), Airteagal 38(4) agus Airteagal 50(1) den Rialachán sin.

122    In Airteagal 2(k) de Rialachán 2016/794, sainmhínítear ‘próiseáil’ mar aon oibríocht nó sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile. In Airteagal 2(h) agus (i) den Rialachán sin, sainmhínítear ‘sonraí pearsanta’ mar aon fhaisnéis a bhaineann le ‘hábhar sonraí’, rud a chiallaíonn duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 28(1)(a) agus (f) den Rialachán sin go ndéanfar ‘próiseáil chóir agus dhleathach’ ar shonraí pearsanta agus ar bhealach lena n‑áiritheofar leibhéal iomchuí slándála. De réir Airteagal 38(4) den Rialachán sin, tá Europol freagrach as na prionsabail sin atá sonraithe in Airteagal 28(1)(a) agus (f) a chomhlíonadh. Ar deireadh, le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794, a mhéid a cheanglaítear leis ar eintitis a bhfuil baint acu leis an gcomhar dá bhforáiltear sa Rialachán sin an damáiste a bhain do dhuine nádúrtha mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí a shlánú, áirítear an oibleagáid intuigthe, atá ar na heintitis sin, aon duine nádúrtha a chosaint ar aon chineál nochta neamhdhleathach sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi.

123    Is léir ó léamh comhcheangailte ar na forálacha dá dtagraítear sa dá mhír roimhe seo gurb ionann aon nochtadh sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus na húdaráis náisiúnta inniúla faoi Rialachán 2016/794 do dhaoine nach bhfuil údaraithe chun eolas a fháil air agus sárú ar riail de chuid an Aontais atá beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair.

124    Sa chás seo, is léir ó na cinntí a rinne an Chúirt Ghinearálta i míreanna 1, 2, 44, 84, 85 agus 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a bhformhuiníonn an Chúirt Bhreithiúnais, gur nochtadh sonraí pearsanta a bhaineann leis an achomharcóir, arb éard a bhí iontu comhrá dlúthphearsanta idir é féin agus a chara, a bhí sna fóin phóca atá i gceist, a d’aistrigh údaráis na Slóvaice chuig Europol i gcomhthéacs an chomhair faoi Rialachán 2016/794, as na teileafóin sin agus as na sonraí sin a bhí i seilbh Europol ar dtús agus, ón 23 Deireadh Fómhair 2018, i seilbh Europol agus na n-údarás sin, do dhaoine nach raibh údaraithe chun teacht orthu, agus gur foilsíodh iad i bpreas na Slóvaice an 20 Bealtaine 2019. Léiríonn imthosca den sórt sin sárú amhail an sárú dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

125    I ndáil leis sin, ní mór diúltú d’argóint Europol gur chomhlíon sé a oibleagáidí faoi Rialachán 2016/794 trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar aon chineál próiseála neamhúdaraithe. Mar a luaitear i mír 80 den bhreithiúnas seo, bunaítear le hAirteagal 50(1) den Rialachán sin córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh ina bhfuil duine a mheasann é féin nó í féin a bheith thíos le próiseáil neamhdhleathach sonraí díolmhaithe óna léiriú cé acu de na heintitis a bhfuil baint acu le comhar faoin Rialachán sin a bhfuil próiseáil den sórt sin inchurtha ina leith, gan dochar don fhéidearthacht a thugtar do Europol an t‑ábhar a chur faoi bhráid, i gcás inarb iomchuí, a Bhoird Bainistíochta ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 50(2) den Rialachán sin, chun an fhreagracht deiridh faoin gcúiteamh a dheonaítear don duine sin a chinneadh.

126    Maidir leis an dara cuid den chéad choinníoll do dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh, a bhaineann leis an gceanglas maidir le sárú atá tromchúiseach go leor ar riail de dhlí an Aontais atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair, is é an critéar cinntitheach i ndáil leis sin chun a chinneadh go bhfuil sárú ar dhlí an Aontais tromchúiseach go leor an ndearnadh sárú follasach agus tromchúiseach ar theorainneacha na discréide atá sa riail a sáraíodh (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Iúil 2000, Bergaderm agus Goupil v an Coimisiún, C‑352/98 P, EU:C:2000:361, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 4 Aibreán 2017, Médiateur v Staelen, C‑337/15 P, EU:C:2017:256, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). I gcás nach bhfuil ach rogha laghdaithe go mór ag an údarás lena mbaineann, nó nach bhfuil discréid ar bith aige, d’fhéadfadh sé gur leor sárú ar dhlí an Aontais chun a shuíomh gurb ann do shárú atá tromchúiseach go leor ar dhlí an Aontais (breithiúnas an 10 Iúil 2003, an Coimisiún v Fresh Marine, C‑472/00 P, EU:C:2003:399, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). Áirítear le sárú den sórt sin earráidí nach bhfuil inleithscéil, faillí thromchúiseach i bhfeidhmiú dualgais nó easpa dícheall follasach (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 1992, Finsider agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑363/88 agus C‑364/88, EU:C:1992:44, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

127    Chun an measúnú atá le déanamh a dhéanamh, ní mór aird a thabhairt ar an réimse, ar na coinníollacha agus ar an gcomhthéacs ina dtagann an oibleagáid atá i gceist ar an údarás lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Aibreán 2017, Médiateurv v Staelen, C‑337/15 P, EU:C:2017:256, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

128    Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh, go háirithe, leibhéal soiléireachta agus beachtais na rialach a sáraíodh agus méid na discréide a fhágann an riail sin don údarás lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Bealtaine 2017, Safa Nicu Sepahan v an Chomhairle, C‑45/15 P, EU:C:2017:402, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear), castacht an cháis atá le rialú agus na deacrachtaí a bhaineann leis na téacsanna a chur i bhfeidhm nó a léiriú (breithiúnas an 19 Aibreán 2007, Holcim (Deutschland) v an Coimisiún, C‑282/05 P, EU:C:2007:226, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

129    Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhfágann na forálacha dá dtagraítear i míreanna 122 agus 123 den bhreithiúnas seo aon discréid do na heintitis a bhfuil baint acu le comhar faoi Rialachán 2016/794 maidir lena n‑oibleagáid aon duine nádúrtha a chosaint ar aon chineál nochta neamhdhleathach sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chuige sin. Ar an dara dul síos, tagann an oibleagáid sin faoi chomhthéacs íogair an chomhair idir Europol agus na Ballstáit chun críoch ionchúisimh choiriúil, ina bpróiseáiltear na sonraí sin gan aon idirghabháil ó na daoine is ábhar do na sonraí, agus dá bhrí sin gan bheith in ann idirghabháil a dhéanamh ar bhealach ar bith chun aon phróiseáil neamhdhleathach ar a gcuid sonraí a chosc.

130    Treisíonn nádúr dlúthphearsanta na sonraí a d’fhéadfadh a bheith sna meáin amhail iad siúd atá i gceist sa chás seo an gá atá le cosaint na sonraí sin a bhaineann leis an achomharcóir a áirithiú go docht, go háirithe ós rud é nach raibh aon bhaint ag na sonraí sin leis na gníomhartha a raibh an t‑achomharcóir á ionchúiseamh ina leith.

131    Sna himthosca sin, ní mór a mheas, i bhfianaise chinntí na Cúirte Ginearálta a leagtar amach i mír 124 den bhreithiúnas seo, gur sárú atá tromchúiseach go leor ar riail an Aontais a bhí ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair a bhí i bpróiseáil neamhdhleathach na sonraí sin i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus údaráis na Slóvaice faoi Rialachán 2016/794.

132    Ba cheart a lua freisin nach bhfuil argóint Europol nach raibh aige riamh na sonraí a baineadh as na fóin phóca atá i gceist i bhfoirm dhíchriptithe agus intuigthe de chineál a d’fhéadfadh amhras a tharraingt faoi shárú den sórt sin a bheith ann mar gheall ar phróiseáil sonraí neamhdhleathacha a tharla i gcomhthéacs an chomhair sin. Mar is léir ó mhír 80 den bhreithiúnas seo, bunaítear le hAirteagal 50(1) de Rialachán 2016/794 córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh faoina bhfuil íospartach na cóireála sin díolmhaithe óna shuíomh cé acu de na heintitis a bhfuil baint acu le comhar den sórt sin a bhfuil an phróiseáil inchurtha ina leith. Dá bhrí sin, ní féidir, in aon chás, go n‑éireoidh leis an argóint sin i gcomhthéacs an cháis seo, gan dochar don fhéidearthacht do Europol brath uirthi, más gá, i gcomhthéacs an tarchuir chuig a Bhord Bainistíochta faoi Airteagal 50(2) den Rialachán sin.

133    Maidir leis an dara agus an tríú coinníoll maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a eascraíonn as an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, a bhaineann le cruthúnas ar an damáiste a fulaingíodh agus leis an nasc cúisíoch idir an damáiste sin agus an sárú atá tromchúiseach go leor ar riail de dhlí an Aontais, arb ionann é sa chás seo agus próiseáil neamhdhleathach sonraí, maíonn an t‑achomharcóir nach amháin gur sháraigh nochtadh a shonraí pearsanta atá sna fóin phóca atá i gceist, mar thoradh ar fhoilsiú na sonraí sin, an ceart go n‑urramófaí a shaol príobháideach ach gur sháraigh sé freisin an ceart chun saol a theaghlaigh a urramú. Bhí tionchar diúltach ag an nochtadh sin ar an gcaidreamh idir an t‑achomharcóir agus a iníonacha, a ndearna foilsiú na sonraí sin difear mór dóibh, lena léirítear, go háirithe, caidreamh pearsanta a n-athar lena chara, a nochtadh go poiblí, chomh maith lena gcomhráite dlúthphearsanta. Mar thoradh air sin, braitheadh frustrachas agus éagóir agus rinneadh damáiste d’onóir agus do cháil ghairmiúil an achomharcóra. Ina theannta sin, bhain an nochtadh sin an bonn dá cheart go n‑urramófaí a chumarsáidí a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt.

134    Níor chuir Europol aon argóint shonrach chun cinn maidir le fírinne an damáiste neamhábhartha a líomhnaíonn an t‑achomharcóir agus maidir le nasc cúisíoch a bheith ann idir próiseáil neamhdhleathach sonraí agus an damáiste sin. Níor áitigh sé ach gur ghá an chéad chuntar éilimh a dhiúltú in éagmais cruthúnas ar theagmhas díobhálach nó gurbh fhéidir a bheith inchurtha i leith Europol.

135    Maidir leis na coinníollacha a bhaineann le fírinne an damáiste agus an nasc cúisíoch, ní féidir dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a thabhú ach amháin má bhain damáiste iarbhír agus damáiste sonrach don achomharcóir, agus má eascraíonn an damáiste sách díreach ón sárú líomhainte ar riail dhlí an Aontais. Is faoin achomharcóir atá sé fianaise a thabhairt ar aird do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh chun a shuí gurb ann don damáiste a bhfuil sé ag brath air agus méid an damáiste sin agus go bhfuil nasc cúisíoch sách díreach idir an sárú sin agus an damáiste líomhainte (chuige sin, féach breithiúnas an 30 Bealtaine 2017, Safa Nicu Sepahan v an Chomhairle, C‑45/15 P, EU:C:2017:402, míreanna 61 agus 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

136    Sa chás seo, mar a tugadh le fios i mír 124 den bhreithiúnas seo, mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí arb éard a bhí ann ná sonraí a nochtadh do dhaoine neamhúdaraithe a bhaineann le comhráite dlúthphearsanta idir an t‑achomharcóir agus a chara, cuireadh na sonraí sin ar fáil don phobal, mar a léirítear lena bhfoilsiú i bpreas na Slóvaice. Ag féachaint d’inneachar na gcomhrá sin, ní mór a mheas gur sháraigh próiseáil neamhdhleathach sonraí ceart an achomharcóra maidir le hurraim dá shaol príobháideach agus teaghlaigh agus dá chumarsáidí, mar a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt, agus go ndearna sé dochar dá onóir agus dá cháil, rud ba chúis le damáiste neamhábhartha dó.

137    Mar chúiteamh ar an damáiste a líomhnaítear faoin gcéad chuntar éilimh, éilíonn an t‑achomharcóir go n‑íocfar suim EUR 50 000 leis.

138    Mheas an Chúirt Ghinearálta, áfach, gur ghá an scrúdú ar an gcéad chuntar éilimh a theorannú don damáiste líomhainte a d’eascair as tras-scríbhinní de chomhráite dlúthphearsanta agus gnéasacha idir an t‑achomharcóir agus a chara a nochtadh, ós rud é nár chuir an t‑achomharcóir aon fhianaise ar fáil a d’fhéadfadh a shuíomh go díreach nó go hindíreach gur nochtadh na grianghraif dá dtagraítear i mír 26 den bhreithiúnas seo.

139    Ós rud é nach ndearnadh agóid i gcoinne dhíbhe pháirteach an chéad chuntair éilimh san achomharc, is gá an chuid sin den damáiste a líomhnaítear a eisiamh ón gcúiteamh atá le dámhachtain don pháirtí sin.

140    Sna himthosca sin, ní mór a mheas go ndéanfar an damáiste neamhábhartha a d’fhulaing an t‑achomharcóir mar thoradh ar nochtadh na tras-scríbhinní de chomhráite de chineál dlúthphearsanta a bhí aige lena chara a chúiteamh go leordhóthanach trí chúiteamh arna shocrú, ar bhonn cothroime, ag EUR 2000 a íoc leis an achomharcóir.

 Costais na nimeachtaí

141    Faoi Airteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, i gcás ina bhfuil an t‑achomharc gan bhunús nó i gcás ina bhfuil bunús leis an achomharc agus ina dtugann an Chúirt féin breithiúnas críochnaitheach sa chás, déanfaidh an Chúirt cinneadh maidir le costais.

142    Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha sin, atá infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhun Airteagal 184(1), ordaítear don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 138(3), i gcás ina n‑éiríonn le gach páirtí i roinnt de na pointí agus ina dteipeann orthu ar chinn eile, íocfaidh gach páirtí a chostais féin.

143    Sa chás seo, iarrann an t‑achomharcóir go ndéanfaí cinneadh maidir le costais ‘sna príomhimeachtaí’. Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur iarr sé ina iarratas ag an gcéad chéim, go n‑ordófaí do Europol na costais a íoc, ina achomharc ní dhearna sé aon iarratas maidir le costais na n‑imeachtaí achomhairc.

144    Tá iarratas déanta ag Europol go n‑ordófar don achomharcóir na costais a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc a íoc.

145    Sna himthosca sin, ós rud é nár éirigh leis na páirtithe, i bpáirt, ina n‑iarrataí ag céim an achomhairc agus, i bpáirt, nár éirigh leo ina n‑iarrataí ag an gcéad chéim, ní mór do gach páirtí a chostais féin a íoc a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon.

146    I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, is infheidhme maidir leis na himeachtaí achomhairc de bhun Airteagal 184(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór do na Ballstáit agus na hinstitiúidí atá páirteach sna himeachtaí a gcostais féin a íoc. Dá bhrí sin, ní mór do Phoblacht na Slóvaice, mar idiragraí os comhair na Cúirte Breithiúnais, a costais féin a íoc.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra):

1.      Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 29 Meán Fómhair 2021, Kočner v Europol (T528/20, EU:T:2021:631) ar ceal, a mhéid a dhiúltaíonn sé don chéad chuntar éilimh mar a shainítear sa bhreithiúnas sin.

2.      Diúltaítear don chuid eile den achomharc.

3.      Ordaítear do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Seirbhísí Forfheidhmithe an Dlí (Europol) cúiteamh EUR 2 000 a íoc le Marián Kočner.

4.      Diúltaítear don chuid eile den achomharc.

5.      Ordaítear do Marián Kočner agus Europol a gcostais féin maidir leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon a íoc.

6.      Ordaítear do Phoblacht na Slóvaice a costais féin a íoc.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an tSlóvaicis.