Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 4 Bealtaine 2023 – “Entain Services (Bulgaria)” EOOD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sofia pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

(Cás C-287/23, Entain Services [Bulgaria])

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: “Entain Services (Bulgaria)” EOOD

Freagróir ar phointe dlí: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sofia pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil rialacha náisiúnta agus cleachtas léirithe náisiúnta faoina ngearrtar cáin ag an bhfoinse ar dhíbhinní arna ndáileadh do chuideachtaí atá bunaithe i nGiobráltar (fad atá díbhinní arna ndáileadh ar chuideachtaí atá bunaithe sa Bhulgáir nó i mBallstáit eile díolmhaithe ó cháin shiarchoinneálach gan aon cheanglas a bheith le sásamh ag na cuideachtaí sin) ina srian idirdhealaitheach ar shaoirse bunaíochta arna ráthú le dlí an Aontais de bhun Airteagal 49 CFAE agus ar shaorghluaiseacht caipitil arna ráthú le dlí an Aontais de bhun Airteagal 63 CFAE?

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1, an mbeadh an srian idirdhealaitheach sin i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás nár leag an reachtóir síos, agus an reachtaíocht náisiúnta sin á glacadh aige, aon chúiseanna beartais phoiblí, slándála poiblí ná sláinte poiblí lena dtugtar údar don ghá leis na srianta sin a fhorchur maidir le cuideachtaí atá bunaithe i nGiobráltar.

____________