Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 30 Aibreán 2023 ag Polskie sieci elektroenergetyczne S.A., RTE Réseau de transport d'électricité, Svenska kraftnät, TenneT TSO BV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 15 Feabhra 2023 i gCás T-607/20, Austrian Power Grid agus páirtithe eile v ACER

(Cás C-282/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Polskie sieci elektroenergetyczne S.A., RTE Réseau de transport d'électricité, Svenska kraftnät, TenneT TSO BV (ionadaithe: M. Levitt, avocat, B. Byrne, Aturnae, agus D. Jubrail, Solicitor)

Páirtí eile sna himeachtaí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–    an breithiúnas faoi achomharc a chur ar leataobh go hiomlán nó go páirteach;

–    an cinneadh ó Bhord Achomhairc ACER an 16 Iúil 2020 i gCás Uimh. A-002-2020 (comhdhlúite) (“Cinneadh ón mBord”) a chur ar neamhní go hiomlán nó go páirteach; agus

–    a ordú do ACER costais an achomharcóra san achomhairc seo agus sa nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nár sháraigh an Bord Achomhairc a hoibleagáid athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar Chinneadh 03/2020 ó ACER an 24 Eanáir 2020 maidir leis an gCreat Cur chun Feidhme don ardán Eorpach chun fuinneamh don chothromú a mhalartú ó chúlchistí athbhunaithe minicíochta le gníomhachtú de láimh. Tráth a glacadh Cinneadh an Bhoird, thuig an Bord Achomhairc nach raibh sainordú tugtha ag an mBord dá oibleagáidí dlíthiúla athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar mheasúnuithe teicniúla casta. Léiríodh an tuiscint sin, rud atá contrártha le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, i bhfoclaíocht fhollasach Chinneadh an Bhoird. Ní raibh sé de chead ag an gCúirt Ghinearálta athléiriú a dhéanamh ar an bhfoclaíocht shainráite i gCinneadh an Bhoird Achomhairc chun a thabhairt i gcrích – i gcontrárthacht dhíreach leis an bhfoclaíocht sin – go raibh athbhreithniú iomlán déanta ag an mBord Achomhairc.

Ar an dara dul síos, bhain an Chúirt Ghinearálta mífheidhm as Airteagail 20 agus 37 de Rialachán (AE) 2017/21951 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais ina measúnú ar an mbunús dlí le haghaidh feidhmeanna ardáin “riachtanach” faoi Airteagal 20. Dearbhaíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta dhá earráid dhlíthiúla shonracha. Ar dtús, murab ionann agus téarmaíocht agus struchtúr Rialachán 2017/2195 ón gCoimisiún, chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart gur feidhm riachtanach ardáin a chumhdaítear le hAirteagal 20 é bainistiú acmhainneachta trí acmhainn traslimistéir a ríomh, toisc go gceanglaítear le hAirteagal 37 ar oibreoirí córais tarchurtha (“OCTanna”) próiseas a dhéanamh chun acmhainn traslimistéir a nuashonrú go leanúnach. Ina dhiaidh sin, gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an t-idirdhealú a urramú idir oibleagáidí dlíthiúla ar na OCTanna agus feidhm ardáin “riachtanach” á comhlíonadh acu faoi Airteagal 20, agus a gcearta (atá san fhoráil chéanna) feidhmeanna ardáin bhreise a mholadh.

____________

1 IO 2017 L 312, lch. 6.