Language of document :

Achomharc arna thabhairt ag Polskie sieci Elektroenergetyczne S.A., RTE Réseau de transport d’électricité, Svenska kraftnät, TenneT TSO BV an 30 Aibreán 2023 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) an 15 Feabhra 2023 i gCás T-606/20, Austrian Power Grid agus páirtithe eile v ACER

(Cás C-281/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Polskie sieci elektroenergetyczne S.A., RTE Réseau de transport d'électricité, Svenska kraftnät, TenneT TSO BV (ionadaithe: M. Levitt, avocat, B. Byrne, agus D. Jubrail, Solicitors)

Páirtí eile sna himeachtaí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh go hiomlán nó go páirteach;

cinneadh ón mBord Achomhairc (‘an Bord’) de ACER an 16 Iúil 2020 i gcás uimhir A-001-2020 (comhdhlúite) (“an Cinneadh ón mBord”) a chur ar neamhní go hiomlán nó go páirteach; agus

a ordú do ACER costais an achomharcóra san achomharc seo agus sa nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an achomharc, braitheann na hachomharcóirí ar dhá fhoras achomhairc.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trína chinneadh nár sháraigh an Bord a oibleagáid athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar Chinneadh 02/2020 ó ACER an 24 Eanáir 2020 maidir leis an gcreat cur chun feidhme le haghaidh an ardáin Eorpaigh um fhuinneamh don chothromú a mhalartú ó chúlchistí athbhunaithe minicíochta le gníomhachtú uathoibríoch. Tráth ar glacadh an Cinneadh ón mBord, thuig an Bord nach raibh gá, faoina oibleagáidí dlíthiúla, athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar mheasúnuithe teicniúla casta. Léiríodh an tuiscint sin, rud atá contrártha le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, i bhfoclaíocht shainráite Chinneadh an Bhoird. Ní raibh sé de chead ag an gCúirt Ghinearálta athléiriú a dhéanamh ar an bhfoclaíocht shainráite sa Chinneadh ón mBord chun a chinneadh – ag teacht go hiomlán salach ar an bhfoclaíocht sin – go raibh athbhreithniú iomlán déanta ag an mBord.

Ar an dara dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta chun mífheidhme Airteagail 21 agus 37 de Rialachán (AE) 2017/21951 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais ina measúnú ar an mbunús dlí le haghaidh feidhmeanna ardáin ‘riachtanacha’ faoi Airteagal 21. Éilíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta dhá earráid dhlíthiúla shonracha. Sa chéad áit, murab ionann agus téarmaíocht agus struchtúr Rialachán 2017/2195 ón gCoimisiún, chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart gur feidhm ardáin riachtanach a chumhdaítear le hAirteagal 21 é bainistiú acmhainneachta trí acmhainn traslimistéir a ríomh, toisc go gceanglaítear le hAirteagal 37 ar oibreoirí córais tarchurtha (‘OCTanna’) próiseas a dhéanamh chun acmhainn traslimistéir a nuashonrú go leanúnach. Sa dara háit, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an t-idirdhealú a urramú idir oibleagáidí dlíthiúla ar na OCTanna agus feidhm ardáin ‘riachtanach’ á comhlíonadh acu faoi Airteagal 21 agus a gcearta (atá san fhoráil chéanna) feidhmeanna ardáin breise a mholadh.

____________

1 IO 2017 L 312, lch. 6.