Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 2 Bealtaine 2023 – FB, JL v Procureur du Roi près du Tribunal de Première Instance d’Eupen

(Cás C-283/23, Marhon 1 )

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: FB, JL

Cosantóir: Procureur du Roi près du Tribunal de Première Instance d’Eupen

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2.3 agus Airteagal 3 de Threoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh 1 maidir le húsáid uirlisí neamh-uathoibríocha meáite ag na húdaráis bhreithiúnacha nó phóilíneacha chun críocha meáchan feithiclí a chinneadh ionas go gcuirfí reachtaíocht nó rialachán naisiúnta i bhfeidhm, lena bhféadfaí pionóis choiriúla a fhorchur, agus lena dtoirmeasctar feithiclí a sáraíonn a meáchan tomhaiste an t-uasmheáchan arna údarú a chur i seirbhís faoi leithéidí Airteagal 41(3), 1°, agus Airteagal 43(3), 1° de Dhlí an 15 Iúil 2013 maidir le tarlú earraí de bhóthar lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle 2 , agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar 3 agus leithéidí Airteagal 21, an chéad fhomhír, 5°, agus Airteagal 35, 4° d’Fhoraithne Ríoga an 22 Bealtaine 2014 maidir le tarlú earraí de bhóthar?

____________

1 Ainm dlisteanach atá in ainm an cháis seo. Ní thagraítear d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2014 L 96, lch. 107

1 IO 2009 L 300, lch. 51.

1 IO 2009 L 300, lch. 72.