Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 7 Nollaig 2023 – A. N. v Ministerstvo vnitra

(Cás C-753/23, Krasiliva 1 )

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A. N.

Cosantóir: Ministerstvo vnitra

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le hAirteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle, 1 fiú i bhfianaise chomhaontú na mBallstát gan Airteagal 11 den Treoir sin a chur i bhfeidhm, ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir a bhfuil iarratas ar chead cónaithe chun críoch na cosanta sealadaí do-ghlactha i gcás ina ndearna an neamhnáisiúnach iarratas ar chead cónaithe i mBallstát eile nó i gcás inar deonaíodh cead dó cheana féin i mBallstát eile?

An bhfuil an ceart ag duine a bhfuil cosaint shealadach aige faoi Threoir 2001/55/CE ón gComhairle chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, os comhair cúirt faoi Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar theip Bhallstáit i ndeonú ceada chónaithe de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO 2001 L 212, lch. 12).