Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Samhain 2023 ag WS, WT, WY, WZ, YA agus YB i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-600/21, WS agus páirtithe eile v Frontex

(Cás C-679/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: WS, WT, WY, WZ, YA agus YB (ionadaithe: A.M. van Eik, L.-M. Komp, Advocaten agus E. Sharpston, Barrister-at-Law)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi chonspóid a chur ar ceal ina iomláine;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta má mheasann an Chúirt gur gá sin chun go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta gach cinneadh ábhartha fíorais a dhéanamh agus breith a thabhairt ar shaincheisteanna 1 go 8 arna gcur chun cinn ag na hiarratasóirí i bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte san achomharc seo;

de rogha air sin, má mheasann an Chúirt gur féidir é a dhéanamh, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sna hábhair is ábhar don achomharc seo agus saincheisteanna 1 go 8 a bhfuil bunús maith leo arna gcur chun cinn ag an gcéad chéim a dhearbhú;

in aon chás, ordú a thabhairt do Frontex costais na nAchomharcóirí arna dtabhú ón achomharc reatha a íoc, mar aon leis na costais sin a eascraíonn ó Chás T-600/21 os comhair na Cúirte Ginearálta, mar aon le hús ar an achomharc sin.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí chaingean na nAchomharcóirí a shainaithint go mícheart mar agóid i gcoinne an chinnidh cosaint idirnáisiúnta a dhiúltú dóibh agus/nó don chinneadh (intuigthe) um fhilleadh a rinneadh ina leith. Dá bhrí sin, áitíonn na hiarratasóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh (go hintuigthe) nach raibh aon oibleagáid ar Frontex a fhíorú, ar a laghad, cé acu ar bhain nó nár bhain an oibríocht um fhilleadh le fillithe iarbhír a raibh cinneadh um fhilleadh i scríbhinn eisithe ag na húdaráis náisiúnta inniúla ina leith. Ina theannta sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta measúnú a dhéanamh maidir leis an gceist ar theip ar Frontex déileáil go cuí leis na gearáin a chuir na hiarratasóirí faoi bhráid mheicníocht inmheánach gearán Frontex.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nach raibh aon nasc cúisíoch idir gníomhartha agus neamhghníomhartha Frontex agus an damáiste a bhain do na hiarratasóirí. D’áitigh na hiarratasóirí gur ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí Rialachán Frontex a léiriú ar chaoi go dtugtar le tuiscint nach bhfuil aon oibleagáid neamhspleách ar Frontex comhlíonadh chearta bunúsacha an duine a áirithiú le linn eitiltí fillte. Agus an méid sin á chinneadh aici, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le hinniúlacht Frontex féin agus maidir leis na cúraimí faireacháin a dhéanann sé araon agus é ag cabhrú leis na Ballstáit le linn eitiltí fillte a bheith á gcur sa siúl. Tá léiriú den sórt sin ar Rialachán Frontex ag teacht salach ar an gCairt agus fágann sé go bhfuil na forálacha ábhartha de Rialachán Frontex neamhéifeachtach agus gan bhrí. Baineann léiriú na Cúirte Ginearálta an bonn freisin de chur i bhfeidhm cuí Threoir 2008/115/CE 1 .

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh gur bhris ‘roghanna’ na nAchomharcóirí féin an nasc cúisíoch idir gníomhartha agus neamhghníomhartha Frontex agus an damáiste a bhain do na hiarratasóirí. D’áitigh na hiarratasóirí go raibh an damáiste a bhain dóibh ina iarmhairt intuartha ar mhainneachtain Frontex a chuid dualgas a chomhlíonadh chun comhlíonadh chearta bunúsacha an duine a áirithiú le linn oibríochtaí um fhilleadh agus chun cosc a chur ar aon duine a chur i dtír ar chaoi go mbeadh sé ina shárú ar phrionsabal an non-refoulement. Ina theannta sin, níor chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh (mar a cheanglaítear le hAirteagal 3 ECHR agus cothrom an airteagail sin sa Chairt, Airteagal 4) gurbh iarrthóirí tearmainn agus, dá bhrí sin, daoine leochaileacha, a bhí sna hiarratasóirí. Thairis sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir iompar neamhdhleathach Frontex agus na táillí arna dtabhú ag na hiarratasóirí sa nós imeachta inmheánach maidir le gearáin.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí iarscríbhinní C.1, C.3 go C.6 agus E.1 a dhearbhú doghlactha, toisc gur bhain an méid sin le fianaise nua nó le fairsingiú arna tairiscint mar fhreagra ar áitimh arna ndéanamh ag an gcosantóir (Frontex) ina chosaint.

____________

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008, L 348, lch. 98).