Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Márta 2023 – Kirov v EUIPO – Pasticceria Cristiani (CRISTIANI)

(Cás T-149/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Georgi Kirov (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: J. Matzner, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pasticceria Cristiani Sas di Sergio Cristiani & C. (Livorno, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CRISTIANI” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 498 381

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 16 Eanáir 2023 i gCás R 835/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú don chosantóir agus don idiragraí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________