Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 — An Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile

(Cás C-193/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hIodáile

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt

a dhearbhú, gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/20141 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú, trí mhainneachtain plean aonair nó sraith pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar chonairí tosaíochta na speiceas coimhthíoch ionrach agus trí mhainneachtain iad a tharchur chuig an gCoimisiún nó iad a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill;

a ordú do Phoblacht na hIodáile costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Maíonn an Coimisiún saincheist dlí amháin, gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú trí mhainneachtain plean aonair nó sraith pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar chonairí tosaíochta na speiceas coimhthíoch ionrach agus trí mhainneachtain iad a tharchur chuig an gCoimisiún nó iad a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill.

Go háirithe, ag dáta dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear sa tuairim réasúnaithe, eadhon an 9 Aibreán 2022, ní raibh plean aonair ná sraith pleananna gníomhaíochta tarraingthe suas ná curtha chun feidhme ag an gcosantóir chun aghaidh a thabhairt ar chonairí tosaíochta speiceas coimhthíoch ionrach de réir bhrí Airteagal 13(2) den Rialachán, ná níor chuir sé an plean nó an tsraith pleananna sin in iúl gan mhoill de bhun Airteagal 13(5) den Rialachán.

____________

1 IO 2014 L 317, lch. 35.