Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský súd v Prešove (an tSlóvaic) a taisceadh an 14 Samhain 2023 – A.B. agus F.B. v Slovenská sporiteľňa, a.s.

(Cás C-677/23, Slovenská sporiteľňa)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský súd v Prešove

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: A.B. agus F.B

Cosantóir: Slovenská sporiteľňa, a.s.

Na ceisteanna a tharchuirtear

A.    1. An gá Airteagal 10(2)(c) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE 1 a léiriú sa chaoi, maidir le sonraíocht fad an chomhaontaithe creidmheasa ar bhealach soiléir agus gonta sna téarmaí conarthacha:

- go n-éilítear leis nach mór fad an chomhaontaithe creidmheasa a shonrú go sonrach, trí dháta críche agus éaga an chomhaontaithe a lua mar shampla (ó… go…) nó, mar mhalairt air sin, trí úsáid a bhaint as aonaid ama féilire amhail, mar shampla, míonna nó blianta (e.g. ar feadh tréimhse bliana), nó

- an leor má dhéantar é sa chaoi go n-áireoidh an tomhaltóir fad an chomhaontaithe nó é a fháil amach ar shlí eile ar bhonn na dtéarmaí conarthacha, ar bhonn líon na dtráthchodanna míosúla mar shampla nó ag an am a aisíoctar an creidmheas ina iomláine?

2. An gá Airteagal 10(2)(c) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi go gcomhfhreagraíonn an tsonraíocht i gcomhaontú creidmheasa fad an chomhaontuithe sin do thréimhse a shainmhínítear mar “le linn… idirbheart tráchtála” de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2005/29/CE 1 an 11 Bealtaine 2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle?

B.    An gá Airteagal 10(2)(g) de Theoir 2008/48, sna hailt lena luaitear “ar bhealach soiléir agus gonta” agus “na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh”, a léiriú sa chaoi:

- nach mór na toimhdí a úsáideadh chun an ráta céatadánach bliantúil (APRC) a ríomh a shainaithint go sainráite sa chomhaontú mar na toimhdí a úsáideadh chun APRC a ríomh, nó

- nach mór don tomhaltóir féin na toimhdí ábhartha a úsáideadh chun APRC a ríomh ar bhonn na dtéarmaí conarthacha a fháil amach?

____________

1 IO 2008 L 133, lch. 66.

1 IO 2005 L 149, lch. 22.