Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 25 Meán Fómhair 2023 – Cassella-med GmbH & Co. KG, MCM Klosterfrau Vertriebsgesellschaft mbH v Verband Sozialer Wettbewerb e.V.
(Cás C-589/23, Cassella-med agus MCM Klosterfrau)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóirí agus achomharcóirí ar phointe dlí: Cassella-med GmbH & Co. KG, MCM Klosterfrau Vertriebsgesellschaft mbH
Iarratasóir agus freagróir ar phointe dlí: Verband Sozialer Wettbewerb e.V.
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil gníomhaíocht cógaseolaíochta de réir bhrí an chéad cháis in Airteagal 1(2)(b) de Threoir 2001/83/CE 1 ann i gcás ina gcoisceann an tsubstaint atá i gceist (sa chás seo: D-mannós), trí tháthú in-aisiompaithe le baictéir trí naisc hidrigine, ar na baictéir greamú de chealla daonna (sa chás seo: balla an lamhnáin)?
____________
1 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).