Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) arna taisceadh an 7 Iúil 2022 — RTL Nederland BV, RTL Nieuws BV; Páirtí eile: Minister van Infrastructuur en Waterstaat

(Cás C-451/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: RTL Nederland BV, RTL Nieuws BV

Páirtí eile: Minister van Infrastructuur en Waterstaat

Na ceisteanna a tharchuirtear

Cad ba cheart a thuiscint le sonraí maidir le “tarluithe” agus “rúndacht iomchuí” de réir bhrí Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 376/2014 1 agus i bhfianaise an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt agus in Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine?

I bhfianaise an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt agus in Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, an gá Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 376/2014 a léirmhíniú sa chiall go bhfuil sé ag luí le riail náisiúnta, amhail an riail atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar dá réir nach féidir aon fhaisnéis a fhaightear ó tharluithe tuairiscithe a nochtadh?

I gcás freagra diúltach ar an dara ceist, an gceadaítear don údarás inniúil náisiúnta riail ghinearálta náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le nochtadh, ar dá réir nach nochtfar faisnéis dá mbeadh na leasanna a bhaineann, mar shampla, leis an gcaidreamh le Stáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le cigireacht, rialú agus maoirseacht ag údaráis riaracháin, le meas ar phríobháideachas agus le cosc a chur ar bhuntáistí agus míbhuntáistí díréireacha do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha níos tábhachtaí ná an nochtadh sin?

Agus riail ghinearálta náisiúnta maidir le nochtadh á chur i bhfeidhm, an ndéanann sé aon difríocht más faisnéis atá sa bhunachar sonraí náisiúnta nó faisnéis atá i ndoiciméid eile, amhail doiciméid bheartais, atá i gceist?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO 2014 L 122, lch. 18).