Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – BSW management company of ‘BMC’ holding v an Chomhairle

(Cás T-258/22) 1

(Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Toirmisc ar allmhairiú, ceannach, iompar agus soláthar táirgí nó seirbhísí in earnáil na dtáirgí cruach ón mBealarúis – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cóir chomhionann – Mí-úsáid cumhachta – Comhréireacht – An ceart chun maoine – Saoirse fiontraíochta)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AAT Byelorussian Steel Works – management company of ‘Byelorussian Metallurgical Company’ holding (BSW – management company of ‘BMC’ holding) (Jlobine, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Rebasti agus A. Boggio-Tomasaz, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Carpus Carcea agus J. Norris, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022, lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022 L 67, lch. 103) agus, ar an dara dul síos, Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022 L 67, lch. 1), a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear don chaingean.

Ordaítear do AAT Byelorussian Steel Works – management company of ‘Byelorussian Metallurgical Company’ holding (BSW – management company of ‘BMC’ holding), chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 257, 4.7.2022.