Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – GGEW v an Coimisiún

(Cás T-62/21) 1

(Iomaíocht – Cumaisc – Margaí leictreachais agus gáis na Gearmáine – Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Oibleagáid cúiseanna a lua – Coincheap an ‘chomhchruinnithe aonair’ – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – An ceart chun éisteacht a fháil – Sainmhíniú ar an margadh – Tréimhse an anailís – Measúnú ar éifeachtaí an idirbhirt ar iomaíocht – Earráidí follasacha measúnaithe – Gealltanais – Dualgas cúraim)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: GGEW, Gruppen-Gas- und Elektrizitätswerk Bergstraße AG (Bensheim, an Ghearmáin) (ionadaithe: I. Zenke agus T. Heymann, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus J. Szczodrowski, Gníomhairí, le cúnamh ó T. Funke agus A. Dlouhy, Dlíodóirí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Ziebarth agus J. Siegmund, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 6530 final ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019, lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8870 – E.ON v Innogy) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do GGEW, Gruppen-Gas- und Elektrizitätswerk Bergstraße AG a chostais féin mar aon leo sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, E.ON SE agus RWE AG a íoc.

____________

1 IO C 138, 19.4.2021.