Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Mushie & Co v EUIPO – Diana Dolls Fashions (Mushie)
(Cás T-262/24) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Mushie’ – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘KUSHIES’ – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Ionadaithe gairmiúla – Airteagal 120(1) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Mushie & Co, LLC (Houston, Texas, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: S. Vasegård Andreasen, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf, E. Markakis agus K. Zajfert, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Diana Dolls Fashions Inc. (Stoney Creek, Ceanada)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Márta 2023 (Cás R 2062/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Díbhtear an chaingean.
2. Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 252, 17.7.2023.