Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Bealtaine 2024 – ExactCut v EUIPO (exactcut)

(Cás T-280/24)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: ExactCut s. r. o. (Brno, Poblacht na Seice) (ionadaí: S. Hejdová, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘exactcut’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 846 758

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Márta 2024 i gCás R 2240/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú sa chaoi is go leanfar le próiseáil an iarratais ar thrádmharc Uimh. 18 846 758 maidir leis na hearraí agus na seirbhísí go léir san iarratas, agus go bhfoilseofar an trádmharc a bhfuil iarratas á dhéanamh air le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí go léir san iarratas;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc leis an iarratasóir.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar phrionsabail an dea-riaracháin, na córa comhionainne agus na deimhneachta dlíthiúla (ionchais dhlisteanacha) faoi Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Mainneachtain an oibleagáid cúiseanna cuí a thabhairt le cinntí faoi Airteagal 41(1) agus Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Earráid mheasúnaithe maidir le comhlíonadh na ndearbhfhoras le diúltú faoi Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________