Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2024 – Pinpoint Innovations v an Coimisiún

(Cás T-223/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pinpoint Innovations Ltd (Clár Aidhne, Éire) (ionadaí: K. Kelly, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2024) 1172 final ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2024 a bhaineann le haisghabháil EUR 122 662.74 (céad fiche is dhá mhíle, sé chéad seasca is dhá euro agus seachtó is ceithre cent), móide ús dlite, ó Pinpoint Innovations Limited, a chur ar neamhní;

Síneadh ama a thabhairt chun an comhaontú deontais a chur i gcrích agus maoiniú a chur ar fáil;

Mar mhalairt air sin, an fhíneáil a gearradh ar an iarratasóir i bhfeidhmiú dhlínse neamhtheoranta na Cúirte a laghdú;

Ordú a dheonú le haghaidh chostais an iarratasóra.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh agus/nó gur dhiúltaigh an cosantóir breithniú a dhéanamh ar na clásail force majeure sa chomhaontú deontais chun teacht ar a chinntí sa chinneadh atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh agus/nó gur dhiúltaigh an cosantóir cur chuige “solúbtha agus fabhrach” a ghlacadh i leith an iarratasóra, contrártha leis an méid a foilsíodh ina gCeisteanna Coitianta i mí na Nollag 2020.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear, fiú má mheastar an cinneadh atá faoi chonspóid a bheith dleathach ar bhealaí eile, gur cheart an tsuim a chinn an t-iarratasóir a bheith dlite don chosantóir a neamhniú nó a laghdú, i bhfianaise (a) na paindéime domhanda, a chuir cosc ar an iarratasóir a dhualgais a chomhlíonadh agus/nó (b) mhainneachtain an chosantóra aon rannpháirtíocht maidir le cur chun feidhme iomlán “Project Tracworx” a éascú, nuair a bhí sé sábháilte agus dleathach déanamh amhlaidh.

____________