Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 8 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal da Relação do Porto – an Phortaingéil) – SF v MV, Instituto da Segurança Social IP, Autoridade Tributária e Aduaneira, Cofidis SA – Sucursal em Portugal
(Cás C-20/23 1 , Instituto da Segurança Social agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú – Comhar Breithiúnach in ábhair shibhialta – Treoir (AE) 2019/1023 – Nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais – Airteagal 20 – Rochtain ar urscaoileadh – Airteagal 23 – Maoluithe – Airteagal 23(4) – Eisiamh catagóirí sonracha d’fhiachas ó urscaoileadh fiachais – Reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar cáin agus slándáil sóisialta ó urscaoileadh fiachais – Údar cuí le cineál eisiaimh den sórt sin)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchuir
Tribunal da Relação do Porto
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SF
Cosantóir: MV, Instituto da Segurança Social IP, Autoridade Tributária e Aduaneira, Cofidis SA – Sucursal em Portugal
Idiragraí: José da Costa Araújo, mar riarthóir dómhainneachta do SF
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 23(4) de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháílíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht),
ní mór a léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl eisiamh catagóir sonrach d’fhiachas ó urscaoileadh fiachais seachas na cinn a liostaítear san foráil sin indéanta ach amháin má tá údar cuí leis sin faoin dlí náisiúnta.
Maidir le hAirteagal 23(4) de Threoir 2019/1023,
ní mór a léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
is faoi na Ballstáit féin catagóirí sonracha d’fhiachas a eisiamh ó urscaoileadh fiachais áirithe, amhail fiachas cánach agus slándála sóisialta, agus stádas pribhléideach a thabhairt dóibh, a mhéid atá údar cuí le heisiamh den sórt sin faoin dlí náisiúnta.
____________
1 IO C 164, 08.05.2023